Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 11:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Cé hé an t‑athair in bhur measc go n‑iarrfaidh a mhac arán air, agus ar cloch a shínfidh sé chuige? Nó más iasc a iarrann, an nathair nimhe a shínfidh sé chuige in ionad éisc?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Cé an t‑athair eadraibh, a n‑iarrfaidh a mhac iasc air, a thabharfaidh nathair nimhe dó in ionad an éisc;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Agus cé agaibh a iarras arán ar a athair, agus gur cloch a bhéarfas sé dó? Nó iasc, an dtabharfaidh sé nathair nimhe dó i n-áit an éisc?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus cia h‐é an t‐athair agaibh go n‐iarrfaidh a mhac bollóg aráin air, agus gur cloch bhéarfas sé dhó? nó iasc, agus i n‐ionad éisc gur nathair nimhe bhéarfas sé dhó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus cía againbhsi athair ar a níarrfadh a mhac arán, do bhéaradh cloch dhó? Nó dhá niárradh sé iásg, do bhéaradh nathair nimhe a nionad éisg dhó?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Agus cé’cu agaibh-se a dh’iarrfaidh arán ar a athair, agus gur cloch a thabharfaidh sé dhó? nó iasg, agus gur athair nimhe a thabharfaidh sé dhó i n-inead éisg?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Cé hé an t-athair in bhur measc go n-iarrfaidh a mhac arán air, agus ar cloch a shínfidh sé chuige? Nó más iasc a iarrann, an nathair nimhe a shínfidh sé chuige in ionad éisc?

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 11:11
5 Tagairtí Cros  

An ndéanann bean dearmad ar leanbh a cíche, an mbíonn deireadh lena grá do mhac a broinne? Agus dearmad dá ndéanfadh féin, ní dhéanfaidh mise dearmad ortsa go deo!


Nó más iasc a iarrann, an sínfidh sé nathair nimhe chuige?


Nó cén duine agaibh a n‑iarrfaidh a mhac arán air, agus ar cloch a shínfidh sé chuige?


Óir gach aon duine a iarrann, glacann, agus an té a lorgann, faigheann, agus an té a bhuaileann, osclófar dó.


Nó fós má iarrann ubh, an sínfidh sé scairp chuige?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí