Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 1:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Tharla, agus é ag déanamh a ghnó sagairt i láthair Dé, in uain a shealaíochta,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Anois nuair a tháinig uain a aicmesean, agus nuair a bhí air dul i mbun a oibre mar shagart i láthair Dé

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Agus thárla, nuair a bhí a dhualgas sagairt dá dhéanamh aige ar a sheal ós cómhair Dé,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus tharla, nuair do bhí sé ag déanamh a dhualgais sagairt i bhfiadhnaise Dé,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus tárla, an tan do bhí sé ag déanamh oifige an tsagairt a bhfiadhnuisi Dé ann a sheal féin,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Do thárla, ámhthach, agus a dhualgas sagairt aige ’á dhéanamh, do réir a uanuigheachta, os cómhair Dé,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Tharla, agus é ag déanamh a ghnó sagairt i láthair Dé, in uain a shealaíochta,

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 1:8
16 Tagairtí Cros  

Ba iadsan na fir, mar a claraíodh iad de réir a ndualgas ar leith, a raibh sé de chúram orthu dul isteach i dTeampall an Tiarna de réir mar a shocraigh Árón, a sinsear, dóibh, faoi mar a d'ordaigh an Tiarna Dia Iosrael dó.


D'éag Nádáb agus Aibíchiú roimh a n‑athair, gan clann a fhágáil, i dtreo go ndearnadh sagairt de Eileázár agus d'Íteámár.


Thréig na Léivítigh a dtailte féaraigh agus a ngabháltais agus tháinig siad go Iúdá agus Iarúsailéim, mar dhíbir Iarobám agus a mhic iad as sagartacht an Tiarna,


Maidir leis na sagairt, clann Árón, a bhí ag cur fúthu sna tailte coimín a bhain lena gcathracha, nó sna cathracha féin, ceapadh daoine ar leith ó ainm d'fhonn a gcuid a thabhairt do gach fear de na sagairt agus do gach duine de na Léivítigh a cláraíodh.


D'athbhunaigh Hiziciá oird na sagart agus na Léivíteach, gach duine ina ord ceart de réir a dhualgas, sagairt agus Léivítigh, maidir le híobairtí dóite, le híobairtí comaoineach, le seirbhís liotúirgeach, le moladh agus le buíochas, laistigh de gheataí champa an Tiarna.


Chuir sé reachtanna a athar, Dáiví, i bhfeidhm, agus cheap sé oird na sagart i mbun a ndualgas; agus na Léivítigh i mbun a gcúraimí molta agus freastail leis na sagairt mar a d'éiligh liotúirge gach lae; agus oird lucht faire na ngeataí i mbun a ngeataí ar leith, mar a d'ordaigh Dáiví giolla Dé.


Ansin cheap siad na sagairt de réir a n‑ord, agus na Léivítigh de réir a ranganna, chun freastal a dhéanamh i dTeampall Dé in Iarúsailéim, mar atá scríofa i Leabhar Mhaois.


“Glac chugat de chlann Iosrael do dhearthair Árón agus a chlann mhac le bheith ina sagairt i mo sheirbhís - Árón agus a chlann mhac: Nádáb, Aibíchiú, Eileázár agus Íteámár.


Cuirfidh tú iad seo ar do dheartháir Árón agus ar a mhic chomh maith leis, agus déanfaidh tú iad a ungadh agus a oirniú agus a choisreacan d'fhonn go ndéanfaidís seirbhís dom mar shagairt.


“Seo é an searmanas a mbainfidh tú feidhm as á gcoisreacan le fónamh dom mar shagairt. Tóg tarbh óg agus dhá reithe gan mháchail,


Déanfaidh mé Both na Teagmhála agus an altóir a choisreacan: agus Árón chomh maith agus a mhic, déanfaidh mé iad a choisreacan le fónamh dom mar shagairt.


agus fillfidh tú criosanna umpu agus cuirfidh tú boinéid orthu, agus beidh an tsagartacht acu de bhíthin reachta shíoraí. Mar sin a oirneoidh tú Árón agus a mhaca.”


Déanfaidh tú Árón agus a mhic a ungadh, agus a choisreacan, go bhfónfaidís dom mar shagairt.


Gabhsa agus do chlann mhac mar aon leat na dualgais sagairt a bhaineann leis an altóir agus lena bhfuil laistigh den fhial oraibh féin. Ceiliúrfaidh sibh an liotúirge; cuirim a dhualgais ar bhur sagartacht. Ach aon duine eile gan údarás a thiocfaidh i ngar, cuirfear chun báis é.”


Bhí, i laethanta Héaróid, rí Iúdáia, sagart darbh ainm Zachairias, de shealaíocht Aibia, agus bean aige d'iníonra Árón, agus Eiliosaibeit ab ainm di.


Agus ní raibh aon chlann acu, mar bhí Eiliosaibeit aimrid, agus bhí siad araon anonn i mblianta.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí