Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Eoin 1:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Má thagann aon duine chugaibh agus gan an teagasc sin aige, ná fáiltigí roimhe sa teach, agus ná beannaígí dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Má thagann duine chugaibh gan an teagasc seo a bheith leis, ná glacaigí isteach chun tí é agus ná beannaígí dó;

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Má thig aoinneach chugaibh gan an teagasc so do thabhairt leis, ná glacaidh isteach ’n‐bhur dtigh é, agus ná beannuighidh dhó:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Dá dtighidh éinneach chuguibh, agus nach dtabhair ris an teagusga, ná gabhuidh chuguibh a steach é, agus na beannuighe dhó:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Má thagann aon duine chugaibh agus gan an teagasc sin aige, ná fáiltígí roimhe sa teach, agus ná beannaígí dó.

Féach an chaibidil Cóip




2 Eoin 1:10
14 Tagairtí Cros  

Agus dúirt sé: “A Thiarna, a Dhia mo mháistir Abrahám, bí faram inniu, iarraim ort, agus bí cineálta le mo mháistir Abrahám.


“Ní féidir liom filleadh ar ais leat,” ar sé, “(ná dul isteach abhaile leat) ná bia ná deoch a chaitheamh anseo leat,


Agus nach ndéarfaidh lucht taistil na slí “Bail ó Dhia ar an obair! Beannaímid sibh in ainm an Tiarna; anois agus choíche!”


Thug siad dóibh an litir: “Beatha agus sláinte ó na bráithre idir aspail agus sheanóirí, chun na mbráithre de bhunadh págánach atá in Aintíoch agus sa tSír agus sa tSiléis.


Mallacht ar an té nach dtugann grá don Tiarna. Maranatha [tar, a Thiarna].


Is é a bhí i gceist agam gan aon chaidreamh a bheith agaibh le duine atá in ainm a bheith ina bhráthair ach é tugtha don drúis, nó don tsaint, nó don íoladhradh, nó don bhéadán, nó don mheisce, nó don robáil; agus fiú amháin gan ithe i dteannta a leithéid.


Duine ar bith nach ngéilleann do theachtaireacht na litreach seo againn, tugaigí suntas dó agus ná bíodh caidreamh ar bith agaibh leis ionas go dtiocfadh náire air.


Táim ag tabhairt foláirimh daoibh, a bhráithre, in ainm ár dTiarna Íosa Críost, fanacht amach ó bhráthair ar bith a chaitheann a shaol díomhaoin agus nach leanann an treoir a fuair sibh uainne.


An duine a bhíonn ag cothú easaontais, tabhair foláireamh dó uair nó dhó agus cuir suas de as sin amach.


Mar an té a bheannaíonn dósan, tá sé páirteach ina chuid oilc.


Dá bhrí sin, má thagaimse cuirfidh mé ina luí air céard tá ar siúl aige, é ag béadán orainn le briathra éagóracha. Agus faoi mar nach leor leis sin, ní fháiltíonn sé féin roimh na bráithre, agus coisceann sé an mhuintir a fháiltíonn agus díbríonn as an eaglais iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí