Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Eoin 1:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Gach duine a leanann leis ar aghaidh agus nach gcloíonn le teagasc Chríost ní shealbhaíonn Dia. An té a chloíonn leis an teagasc sealbhaíonn sé sin an tAthair agus an Mac.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 An duine a théas i bhfad chun tosaigh gan fanacht de réir theagasc Chríost níl Dia aige; an té a fhanas dílis don teagasc tá an tAthair agus an Mac araon aige.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Cibé duine théigheas ceann ar aghaidh agus nach gcómhnuigheann i dteagasc Chríost, ní fhuil Dia aige: cibé duine chómhnuigheas san teagasc sin atá an tAthair agus an Mac aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Gidh bé neach sháruigheas, agus nach comhnuigheann a dteagusg Chríosd, ní bhfuil Día aige. An tí chómhnuigheas a dteagusg Chríosd, atá an Tathair agus an Mac aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Gach duine a leanann leis ar aghaidh agus nach gcloíonn le teagasc Chríost ní shealbhaíonn Dia. An té a chloíonn leis an teagasc sealbhaíonn sé sin an tAthair agus an Mac.

Féach an chaibidil Cóip




2 Eoin 1:9
15 Tagairtí Cros  

Tá gach aon ní tugtha domsa ag m'Athair. Agus níl aithne ag aon neach ar an Mac ach amháin ag an Athair, ná níl aithne ag aon neach ar an Athair ach amháin ag an Mac agus an té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.


Tá gach aon ní tugtha domsa ag m'Athair. Agus ní eol d'aon neach cé hé an Mac ach amháin don Athair, ná cé hé an tAthair ach amháin don Mhac agus don té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.”


Dúirt Íosa leis: “Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.


Cibé nach bhfanfaidh ionamsa, caithfear amach é mar ghéag, agus feofaidh sé; agus tógfar agus caithfear sa tine iad, agus dófar iad.


i dtreo go dtabharfadh cách onóir don Mhac, mar a thugann siad don Athair. An té nach dtugann onóir don Mhac ní thugann sé onóir don Athair a chuir uaidh é.


Ansin dúirt Íosa leis na Giúdaigh a chreid ann: “Má fhanann sibh ar mo bhriathar, beidh sibh in bhur ndeisceabail agam dáiríre,


Agus chloígh siad go daingean le teagasc na n‑aspal, le comaoin ar a chéile, le briseadh an aráin agus leis na hurnaithe.


Bíodh briathar Chríost ina chónaí faoi rath in bhur measc. Déanaigí a chéile a chomhairliú agus a theagasc le barr eagna. Canaigí sailm agus iomainn agus laoithe spioradálta in ómós do Dhia agus buíochas in bhur gcroí.


nó ag déanamh mionghadaíochta, cruthaídís go bhfuil siad dílis ar fad, agus sa tslí sin tabhóidh siad clú do theagasc Dé, ár slánaitheoir, i ngach ní.


Mar ní bheimid i gcomhpháirt le Críost ach ar an gcoinníoll go gcoinnímid ár gcéadmhuinín daingean go dtí an deireadh.


Dá bhrí sin, fágaimis i leataobh na bunfhírinní i dtaobh Chríost. Ná tugaimis faoin mbunsraith a chur síos arís; ná déanaimis trácht ar aithrí a dhéanamh i bpeacaí marfacha ar chreideamh i nDia,


Fógraímid daoibhse an ní sin a chonaiceamar agus a chualamar le go mbeadh páirt agaibh linne, fearacht mar atá againne leis an Athair agus lena Mhac Íosa Críost.


Scríobh mé focal chuig an eaglais, ach an fear sin Diotrafaes ar breá leis an ceannas ní thugann sé aon aird orainn.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí