Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Iósua 23 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil XXIII. Do chuir Iosua roimhe a bhás a dfhiachuibh ar an phobal, reachd Dé do leanmhuin. 7 Agus gan taobhadh ris na cineadhachuibh.

1 Agus tárla aimsir fhada tar éis an TIGHEARNA do thabhairt súaimhnis Disrael ó na naimhdibh uile timchioll fa gcuairt, gur fhás Iosua áosta foirfe.

2 Agus do ghoir Iosua ar Israel uile, agus ar a seanóiribh, agus ar a cceannuibh, agus ar a mbreitheamhnuibh, agus ar a noifigeachuibh, agus do ráidh sé ríu, Atáimsi foirfe, agus aosta a mblíadhnuibh:

3 Agus do chonncabhairsi gacha a ndéarna bhur TTIGHEARNA Día ris na cineadhachaibh si uile ar bhur sonsa; óir se bhur TTIGHEARNA Día do throid ar bhur son.

4 Féachuidh, do roinn me oruibh le crannchar na cineadhachasa mhairios, dá mbeith mar oighreachd ag bhur ttreabhuibh, ó Iordan, maille ris na huile chmeadhachaibh dar gheárr mé amach, go nuige an nfairge mhóir don táoibh shíar.

5 ¶ Agus díbeoruidh bhur TTIGHEARNA Día romhuibh íad, agus thiomáinfidh se as bhur radharc íad; agus sealbhochthaoise an dúithche mar do gheall bhur TTIGHEARNA Día dhaóibh.

6 Bíthise ar a nadhbharsin ro chúrata do choimhéad agus do dhéanamh a nuile ní atá scríobhtha a leabhar dhlighe Mhaoise, go nach bhfillfidhe a leaththaoibh uadh sin don láimh dheis no don láimh chlé.

7 Agus nach ttiocfuídhe a measc na ccineadhso, mhairios bhur measc; agus nach ndéantaoi iomrádh ar a ndeeibh na nainm, agus nach ttiubharthaoí fa deara a ttabhairt mar mhionnuibh agus nach ndeantuidh serbhis dóibh, agus nach ccláonfuidh sibh féin dóibh:

8 Acht adharfuidhe bhur TTIGHEARNA Día, mar do rinneabhair gus a niugh.

9 Oír do chuir an TTIGHEARNA amach romhuibh cineadhacha móra neartmhara: acht ar bhur sonsa, ní tháinic déinfhear seasamh bhur naghaidh gus a niugh.

10 Cuirfidh aon daóibhsi míle a tteitheamh: óir se bhur TTIGHEARNA Día, an té throidios ar bhur son, mar do gheall sé dhaóibh.

11 Tugaidh aire mhaith dhaóibh féin, ar a nadbharsin go mbía grádh aguibh da bhur TTIGHEARNA Día.

12 ¶ Nó má théighthi air éanchor air gcúl, agus má ghreamuighthí dfuighioll na ccineadhachsan, noch mháirios bhur measc, agus go ndéantaói cleamhnus ríu, agus go rachthaoi a steach chuca, agus íadsan chugaibhsi:

13 Biodh a fhios aguibh go dearbhtha nach gcuírfidh bhur TTIGHEARNA Dia ní sa mó éainneach do na cineadhachaibhsi amach romhuibh; ach béid na bpaintéaruibh agus na ndúluibh dhaóibh, agus na scíursaidhibh ann bhur ttáobhuibh, agus na ndealguibh ann bhur súilibh, nó go nimithid seachad as an ndúithche mhaithsi thug bhur TTIGHEARNA Día dhaóibh.

14 Agus, féachuidh, atáimsi a niugh ag dul san tslighe a ttéid an domhan uile: agus atá a fhios aguibhsi an bhur gcroidhthibh uile agus ann bhur nanmuibh, nach ar fhailligh mé éinní amháin do na huile néithíbh maith noch do labhair bhur TTIGHEARNA Día da bhur ttaobh; tangadar a ccrích uile dhaóibh, agus níor theastuigh éinní amháin díobh.

15 Uime sin tiocfaidh a ccrích, mar tháinic gach uile ní maith oruibh, dar gheall bhur TTIGHEARNA Día dhaóibh; go ttiubhra mar an ccéadna án TIGHEARNA gach uile dhroichní oruibh, nó go scriosfuidh sé sibh as an bhfearann maithsi noch thug bhur TTIGHEARNA Día dhaóibh.

16 A nuáir sháireochthaoi cunradh bhur TTIGHEARNA Dé, noch do aithin sé dhíbh, agus imtheochuighe, agus adharfuighe dée eile, agus uimhleochuighe sibh féin dóibh; annsin lasfuighear fearg an TIGHEARNA ribh, agus scriosfuighear sibh go hobann as an bhfearann maith, noch thug sé dhibh.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí