16 A nuáir sháireochthaoi cunradh bhur TTIGHEARNA Dé, noch do aithin sé dhíbh, agus imtheochuighe, agus adharfuighe dée eile, agus uimhleochuighe sibh féin dóibh; annsin lasfuighear fearg an TIGHEARNA ribh, agus scriosfuighear sibh go hobann as an bhfearann maith, noch thug sé dhibh.
16 Má bhriseann sibh an conradh a d'éiligh an Tiarna bhur nDia oraibh, agus dul agus fónamh do dhéithe eile agus sléachtadh dóibh, ansin déanfar fearg an Tiarna a adhaint in bhur gcoinne, agus scriosfar sibh go tapa de dhroim na tíre fónta a thug sé daoibh.”
Oir buailfidh an TIGHEARNA Israel, mar an ngioleach bhíos air crith san nuisge, agus beanfuidh sé Israel as a fhreamhach amach as an dúithche mhaithse, noch thug sé dá naithribh, agus scaóllfidh sé ó chéile íad táobh anonn don nabhuinn, do chionn go ndéarnadar a ngarráin, do bhrostughadh an TIGHEARNA chum feirge.
Acht má fhilltighesi ar éan chor ó misi leanmhuin, sibh féin nó bhur cclann, agus nach choimhéudfuidhe maitheanta agus mo statúidigh noch do chuir mé ann bhur bhfiaghnuise, achd imtheachd agus dée oile dadhradh, agus seirbhís do dhéanamh dhóibh:
Annsin géarrfa misi Israel amach as a ndúithche noch thug me dhóibh; agus an tigh so, do náomhuigh mé dom ainm, teilgfe mé as mo radharc é; agus biaidh Israel na sheanfhocal agus na fhocal magaidh a measg a nuile phobal:
Oír is amhluidh bhí, gur pheacuigheadar clann Israel a naghaidh a TTIGHEARNA Día, noch thug a níos íad as crích na Hégipte, ó bheith fáoi láimh Phárao rígh na Hégipte, agus go raibh eagla deé oile orra,
Oír is tré fheirg an TIGHEARNA tháinic sin a ccrích air Ierusalem agus air Iúdah, nó gur theilg sé amach as a radharc íad, go ndeachuidh Sedeciah a ccogadh a naghuidh rígh na Babíloine.
Do truáilleadh an talamh mar an ccéadna faói na dhúthchusaibh; do chionn gur sháruigheadar an dligheadh, gur áthruigheadar an tordugh, bhriseadar an cunnradh siorruidh.
Agus thangadar ann, agus do shealbhuigheadar é; achd níor úmhluigheadar dot ghúthsa, ní mó do shiubhluigheadar ann do dhligheadh; ní dhéarnadar aoinní do nuile ni dar aithin tú dhíobh do dhéanamh: uimesin thug tú fa deara an tolcsa uile do theacht orra:
Féuch thangadar na mótuidh, chum na caithreach dá gabháil; agus tugadh an chathair a láimh na Ccaldeánach, noch throideas na haghaidh, do bhrígh an chloidhimh, agus na gorta, agus na plágha: agus an ní a dúbhairt tú tháinic sé a gcrich; agus, féuch, do chidh tú é.
¶ Ach tiucfa a ccrích, muna numhluighe tú do ghlór do THIGHEARNA Dé, do chóimhéad a aithneadh uile do choimhlíonadh agus a reachda uile noch aithnighimsi dhíot a niugh; go ttiucfuid na mallachdasa uile ort, agus go mbéaruid ort:
(Oír an TIGHEARNA do Dhía is Día éadmhar bhur measg é) deagla go lasfadh fearg an TIGHEARNA do Dhía ad aghuidh, agus go scriosfadh thú ó dhruim na talmhan.
¶ Agus do las fearg an TIGHEARNA a naghaidh Israel, agus do sheachaid sé íad a lámhuibh creachadóireadh noch do chreach íad, agus do reac sé íad a lámhuibh a námhad gacha táobh dhíobh, iondus nar fhéidir leó seasadh ní budh faide a lathair a námhad.
¶ Agus do bhí fearg an TIGHEARNA teith a naghaidh Israel; agus a dubhairt sé, Do chionn gur sháruigheadar an mhuínntirse mo chunnradh noch do aithin mé dá naithribh, agus nár éisdeadar rein ghlór;