Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 23:15 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Uime sin tiocfaidh a ccrích, mar tháinic gach uile ní maith oruibh, dar gheall bhur TTIGHEARNA Día dhaóibh; go ttiubhra mar an ccéadna án TIGHEARNA gach uile dhroichní oruibh, nó go scriosfuidh sé sibh as an bhfearann maithsi noch thug bhur TTIGHEARNA Día dhaóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

15 Ach má comhlíonadh daoibh gach gealltanas fónta a thug an Tiarna bhur nDia daoibh, comhlíonfaidh an Tiarna chomh maith gach urchóid atá á bagairt aige oraibh, go fiú sibh a scrios as an tír fhónta a thug an Tiarna bhur nDia daoibh.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 23:15
18 Tagairtí Cros  

Oir buailfidh an TIGHEARNA Israel, mar an ngioleach bhíos air crith san nuisge, agus beanfuidh sé Israel as a fhreamhach amach as an dúithche mhaithse, noch thug sé dá naithribh, agus scaóllfidh sé ó chéile íad táobh anonn don nabhuinn, do chionn go ndéarnadar a ngarráin, do bhrostughadh an TIGHEARNA chum feirge.


Go madh beannuigh an TIGHEARNA, noch thug suáimhnios da phobal Israel, do réir gach éinneithe dar gheall sé: ní dheachaidh áon fhocal amháin a bhfaillíghthe da ghealladh maith uile, noch do gheall sé le láimh Mhaóise a shearbhfhoghantuigh.


Uimesin do shluig mallughadh an talamh, agus an luchd áitreabhus ann atáid dúbhach: uimesin do loisgeadh dúthchusaigh na talmhan, agus is beag do dhaoimbh do fágbhadh dhíobh.


Féuch thangadar na mótuidh, chum na caithreach dá gabháil; agus tugadh an chathair a láimh na Ccaldeánach, noch throideas na haghaidh, do bhrígh an chloidhimh, agus na gorta, agus na plágha: agus an ní a dúbhairt tú tháinic sé a gcrich; agus, féuch, do chidh tú é.


Oír is marso a deir an TIGHEARNA, Amhuil mar thug mé an tolc mórso uile ar an bpobalso, marsin do bhéara mé orra a nuile mhaith dar gheall mé dhóibh.


Uimesin is marso a deir TIGHEARNA Día na slógh, Día Israel; Féuch, do bhéara misi ar Iúdah agus air áitreabhtháchaibh Ierusalem uile a nuile olc dar fhúagair mé na naghaidh: do bhrígh gur labhair mé ríu, acht ní chúaladar; agus do ghoir mé orra, agus níor fhreagradar.


¶ Má shíubhluighthí ann mo statúidibh, agus maitheanta do choimhéud agus a ndéanamh;


Ag toirmeasg oruinne labhairt ris na Cineadhachuibh chum a slánuighthe, chum bheith dhóibh ag sirlíonadh a bpeacuighibh: óir táinic a nfearg orrtha go síorruidhe.


Agus do rinneadar clann Israel a rís olc a bhfiadhnuisi an TIGHEARNA; agus thug an TIGHEARNA a láimh na Bhphilistíneach íad ceathrachad blíaghan.


¶ Agus do chionntuigheadar clann Israel a rís a radharc an TIGHEARNA: agus do neartuigh an TIGHEARNA Eglon rígh Moab a naghaidh Israel, do bhrígh go ndéarnadar olc a radharc an TIGHEARNA.


¶ Uimesin do bhí fearg an TIGHEARNA teasuighe a naghaidh Israel, agus do reac sé íad a láimh Chusan‐risataim rígh na Mesopotámia: agus do rinneadar clann Israel serbhis do Chusan‐risataim ochd mblíadhna.


Agus do rinneadar clann Israel olc a bhfiaghnuisi an TIGHEARNA: agus thug an TIGHEARNA íad a láimh Mhídian ar feadh sheachd mblíadhan.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí