Iósua 23:14 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)14 Agus, féachuidh, atáimsi a niugh ag dul san tslighe a ttéid an domhan uile: agus atá a fhios aguibhsi an bhur gcroidhthibh uile agus ann bhur nanmuibh, nach ar fhailligh mé éinní amháin do na huile néithíbh maith noch do labhair bhur TTIGHEARNA Día da bhur ttaobh; tangadar a ccrích uile dhaóibh, agus níor theastuigh éinní amháin díobh. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 198114 “Ní foláir domsa anois bealach na cré go léir a ghabháil. Déanadh gach mac máthar díbh a admháil ó chroí agus ó anam, nár theip ar oiread agus gealltanas de na gealltanais go léir a thug an Tiarna bhur nDia in bhur dtaobh; comhlíonadh iad go léir, gan ceann a theip. Féach an chaibidil |
An tan thug mé íad don tír, ar son ar thóig mé súas mo lámh dá thabhairt dóibh, annsin do chonncadar gach uile chnoc árd, agus na huile chranna tíugha, agus díodhbradar annsin a níodhbartha, agus annsin do thabhradar gréasachd a nofrala: annsin mar an gceadna thugadar a mboladh cúmhra, agus do dhóirteadar amach annsin a nofrála dighe.