Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 23:8 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Acht adharfuidhe bhur TTIGHEARNA Día, mar do rinneabhair gus a niugh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 Ach bígí dílis don Tiarna bhur nDia mar a bhí sibh go dtí an lá seo féin.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 23:8
11 Tagairtí Cros  

Oír do chuáidh sé a leith an TIGHEARNA, agus níor dhealuigh re na leanmhuin, achd do choimhéud a aitheanta, noch do aithin an TIGHEARNA do Mháoise.


Agus ar dteachd dhó, agus ar bhfaicsin ghrása Dé, do ghabh gáirdeachus é, agus do theaguisg sé íad uile, fá anmhuin a bhfochair an Tighearna ré rún croidhe.


Bíodh eagla an TIGHEARNA do Dhía ort; is dó dhéanas tú seirbhís, agus is dó adharfus tú, agus isé a ainm mhionnochus tú.


¶ Oír má choimhéudtháoisi go dúthrachdach na huile aitheantasa noch aithnighimsi dháoibh, do dhéanamh, an TIGHEARNA bhur Ndía do ghrádhughadh, siubhal iona shlighthibh uile, agus ceangal leis;


Siubholtaoi a ndiáigh an TIGHEARNA bhur Ndía, agus biáidh a eagla oruibh, coimhéadfuidhe a aitheanta, agus uimhleochtaói dá ghuth, agus do dhéantaói serbhís dó, agus greamochuighe dhe.


Agus cuirfighear an fáidh sin, nó an brionglóideach na naislingeadh chum báis; (do chionn gur labhair sé dá bhur niompógh ón TTIGHEARNA bhur Ndía, noch thug amach sibh as crích na Hégipte, agus dfúascuil sibh amach as tigh na daóírsi, dot thiomáin amach as a tslighe do aithin an TIGHEARNA do Dhía dhíot do siubhal.) Mar sin chuirfe tú an tolc an siubhal as do lár féin.


Ach sibhsi noch do ghreamuigh don TIGHEARNA bhur Ndía atátháoi beó gach éanduine aguibh a niugh.


Amhail na ccineadhach do scrios an TIGHEARNA as coinne bhur naighthe, mar sin do scriosfuighthear sibhsi; do bhrígh nar bháil libh bheith umhal do ghuth an TIGHEARNA bhur Ndía.


Ach tugaidh aire ghéar do choimhlíonadh na naithneadh agus an dlighe, noch do chuir Maóise óglach an TIGHEARNA do chúram oruibh, grádh do thabhairt dá bhur TTIGHEARNA Día, agus siúbhal iona shlighthibh uile, agus a aitheanta do choimhlíonadh, agus táobhaidh ris, agus foghnamh dhó le bhur nuile chroidhe agus lé bhur nuile anam.


Agus nach ttiocfuídhe a measc na ccineadhso, mhairios bhur measc; agus nach ndéantaoi iomrádh ar a ndeeibh na nainm, agus nach ttiubharthaoí fa deara a ttabhairt mar mhionnuibh agus nach ndeantuidh serbhis dóibh, agus nach ccláonfuidh sibh féin dóibh:


Oír do chuir an TTIGHEARNA amach romhuibh cineadhacha móra neartmhara: acht ar bhur sonsa, ní tháinic déinfhear seasamh bhur naghaidh gus a niugh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí