Iósua 23:8 - An Bíobla Naofa 19818 Ach bígí dílis don Tiarna bhur nDia mar a bhí sibh go dtí an lá seo féin. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)8 Acht adharfuidhe bhur TTIGHEARNA Día, mar do rinneabhair gus a niugh. Féach an chaibidil |
Ach cuirtear an fáidh sin nó an t‑aislingeoir aislingí sin chun báis óir theagasc sé ceannairc in aghaidh an Tiarna bhur nDia, a thug sibh amach as tír na hÉigipte agus a d'fhuascail sibh as teach na daoirse; b'áil leis thú a chlaonadh ón mbealach a d'aithin an Tiarna do Dhia duit a shiúl. Díbir an urchóid sin ó do lár ar an tslí sin.
Féachaigí chuige le barr cúraim go gcomhlíonfaidh sibh na haitheanta agus an dlí a thug Maois, óglach an Tiarna, daoibh; bíodh grá agaibh don Tiarna, bhur nDia, leanaigí ar a chosáin i gcónaí, comhlíonaigí a aitheanta, bígí dílis dó agus déanaigí seirbhís dó ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán.”