Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 23:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Óir dhíbir an Tiarna ciníocha móra tréana romhaibh agus níorbh fhéidir d'aon duine an fód a sheasamh in bhur n‑aghaidhse go dtí inniu féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Oír do chuir an TTIGHEARNA amach romhuibh cineadhacha móra neartmhara: acht ar bhur sonsa, ní tháinic déinfhear seasamh bhur naghaidh gus a niugh.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 23:9
14 Tagairtí Cros  

D'iompair sé é féin ar bhealach gráiniúil agus lean sé íola, faoi mar a dhéanadh na hAmóraigh a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael.


Nach tusa ár nDia a dhíbir áitritheoirí na tíre seo amach roimh Iosrael do phobal, agus a thug é go brách do shliocht Abrahám, do chara?


Nuair a rachaidh m'aingeal romhat agus tú a thabhairt isteach chun na nAmórach agus na Hiteach, na bPirizeach agus na gCanánach, na Hiveach agus na Iabúsach, scriosfaidh mé iad.


Beagán ar bheagán is ea a thiomáinfidh mé amach iad ó do láthair, go dté tú i líonmhaire agus i seilbh na talún.


Fuair an chéad ghlúin eile dár sinsir í mar oidhreacht agus thug siad féin agus Iósua isteach leo í i ndúiche na gciníocha a ruaig Dia amach rompu; agus d'fhan sí ann go dtí aimsir Dháiví.


ansin díbreoidh an Tiarna na ciníocha seo go léir amach romhaibh, agus cuirfidh sibh ciníocha is mó agus is cumhachtaí ná sibh as seilbh.


Tabharfaidh sé a ríthe ar láimh duit agus déanfaidh tú a n‑ainmneacha a scrios ó faoin spéir; fear ní fhéadfaidh seasamh i d'aghaidh nó go mbeidh siad go léir scriosta agat.


Ní fhéadfaidh aon duine an fód a sheasamh i d'aghaidh i gcaitheamh do shaoil go léir; mar a bhí agam le Maois is ea a bheidh agam leatsa; ní thréigfidh mé thú ná cliseadh ort.


Thiomáin Cálaeb triúr mac Anac amach aisti: Séisea, Aichímeán, agus Talmai, sliocht Anac.


Déanfaidh an Tiarna bhur nDia iad a thiomáint amach romhaibh, agus iad a dhíbirt ó bhur láthair, agus gheobhaidh sibh seilbh ar an talamh mar a gheall an Tiarna bhur nDia daoibh.


Ach bígí dílis don Tiarna bhur nDia mar a bhí sibh go dtí an lá seo féin.


Agus rud eile dhe, is é an Tiarna a thiomáin romhainn na ciníocha sin go léir, mar aon leis na hAmóraigh a raibh cónaí orthu sa tír. Uime sin a dhéanfaimidne mar an gcéanna fónamh don Tiarna óir is é ár nDia é.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí