Iósua 19 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil XIX. Crannchar Shimeoin. 12 Sebulun. 17 Issachar. 24 Aser. 32 Naphtali. 40 Dan. 49 Oighreachd Iosua. 1 Agus táinic an dara crannchar amach chum Símeon, ar son threibhe chloinne Símeon do reír a muinntear: agus do bhí a noighreachd táobh a stigh doighreachd chloinne Iúdah. 2 Agus fúaradar iona noighreachd Beershéba, Sheba, agus Molada, 3 Agus Hasar‐sual, agus Balah, agus Asem, 4 Agus Eltolad, agus Betul, agus Hormáh, 5 Agus Siclag, agus Bet‐marcabot, agus Hasar‐susah, 6 Agus Bet‐lebaot, agus Saruren; trí caithreacha déug agus a mbailte: 7 Ain, Remmon, agus Eter, agus Asan; ceithre caithreacha gun a mbailtibh: 8 Agus a rabhadar do bhailtibh timchioll fa gcuairt na gcaithreachsa go nuige Baalat‐beer, Rámat an deisceirt. Si so oighreachd threibhe chloinne Shimeon do reir a muinntear. 9 Amach as roinn chloinne Iúdah do bhí oighreachd chloinne Símeon: óir do bhí roinn chloinne Iúdah romhór dhóibh: uime sin fúaradar clann Shimeon a noighreachd a stigh iona noighreachdsan. 10 Agus táinic an treas crannchar amach ar chloinn Shebulun do réir a muinntear: agus do bhí teóra a noighreachda go nuige Sarid: 11 Agus do chúaidh an tteóra súas leath ris an bhfairge, agus re Marala, agus ráinic go Dabbaset, agus do shín go nuige an sruth atá as coinne Iocneam; 12 Agus fillidh ó Shárid don táoibh shoír leath re héirghe gréine go brúach Chislot‐tabor, agus annsin teíd amach go Daberat, agus téid súas go Iaphia, 13 Agus teíd as sin ar fad an táobh shoir go Gitah‐hepher, go Hitacaisin, agus teíd amach go Remon‐metoar go Neah; 14 Agus téid an teóra timchioll don táoibh thúaigh go Hannaton: agus ataíd a dula amach sin a ngleann Iiphatabel: 15 Agus Catah, agus Nahallal, agus Simron, agus Idalah, agus Betlehem: dhá chathair déag gun a mbailtíbh. 16 Sí so oighreachd chloinne Sebulun do réir a muintear, na caithreacha gun a mbailtibh. 17 ¶ Agus táinic an ceathramhadh cranchar amach ar Issachar, ar son chloinne Issachar do réir a muinntear. 18 Agus do bhí a tteóra leath re Iesreel, agus Chesullot, agus Sunem, 19 Agus Hapharaim, agus Sihon, agus Anaharat, 20 Agus Rabbit, agus Cision, agus Abes, 21 Agus Remet, agus Engannem, agus En‐hadda, agus Bet‐pases; 22 Agus sínidh an cósta go Tábor, agus go Sahasimah, agus go Bet‐semes; agus do bhí dula amach a tteórann ag Iordan: sé caithreacha deúg gun a mbailtibh. 23 Sí so oighreachd thréibhe chloinne Issachar do réir a muinntear, a gcaithreacha agus a mbailte. 24 ¶ Agus táinic an cúigeadh cranchar amach ar threibh chloinne Aser do réir a muinntear. 25 Agus do bhí a tteóra Helcat, agus Háli, agus Béten, agus Achsaph, 26 Agus Alammelech, agus Amad, agus Misael; agus roighidh go Carmel shíar, agus go Sihor‐libnat; 27 Agus fillidh sí leath ré héirghe greíne go Bet‐dagon, agus sínidh go Sebulun, agus go gleann Iiphtah‐el bu thuáigh do Bhet‐emec, agus Neiel, agus téid amach go Cábul ar an laímh chlé, 28 Agus Hebron, agus Rehob, agus Hammon, agus Cánah, eadhon go nuige Sídon mór; 29 Agus ann sin fillidh an cósta go Ramah, agus gus a gcathruigh láidir Tíre; agus fillidh an cósta go Hósah; agus ataíd a dula amach sin ag an bhfairge ón ccosta go Hachsib: 30 Umma mar an ccéadna, agus Aphec, agus Rehob: dhá chathruigh agus fithche gun a mbailtibh. 31 Sí so oighreachd threibhe cloinne Aser do reír a muinntear, a caithreacha so gun a mbailtibh. 32 ¶ Tháinic an seiseadh crannchar amach do chloinn Naphtalí, ar son chloinne Naphtali do reír a muinntear. 33 Agus do bhí a ccósta ó Heleph, ó Allon go Saanannim, agus go Hadámi, Neceb, agus Iabneel, go Lacum; agus do bhádar a ndula amach sin ag Iordan: 34 Agus annsin iompoighidh an cósta don táoibh shíar go Hasnot‐tábor, agus teíd amach as sin ga Hucoc, agus roighidh go Sebulun don táoibh ó dheas, agus roighidh go Haser don táoibh shíar, agus go Iúdah ar Iordan leath ré héirghe gréine. 35 Agus is íad na caithreacha daingne. Siddim, Ser, agus Hammat, agus Racat, agus Cinneret, 36 Agus Adamah, agus Ramah, agus Hásor, 37 Agus Cedes, agus Edrei, agus Enhasar, 38 Agus Iron, agus Migdal‐el, Hórem, agus Betanat, agus Bet‐semes; náoi gcaithreacha déug gun a mbailtibh. 39 Sí so oighreachd threibhe chloinne Naphtali do réir a muinntear, a ccaithreacha agus a mbailte. 40 ¶ Agus tháinic an seachdmhadh crannchar amach do threibh chloinne Dan do réir a muinntear. 41 Agus do budh é cósta a noighreachda, Sorah, agus Estaol, agus Irsémes, 42 Agus Saalabbin, agus Aialon, agus Ietlah, 43 Agus Elon, agus Timnatah, agus Ecron, 44 Agus Elteceh, agus Gibbeton, agus Baalat. 45 Agus Iehud, agus Bene‐berac, agus Gat‐rimmon. 46 Agus Me‐iarcon, agus Racon maille ris an teóruinn as coinne Iapho. 47 Agus do chuáidh cósta chloinne Dan amach ró ghann dóibh: uime sin do chuádur clann Dan súas do throid a naghaidh Lesem, agus do ghabhadar í, agus do bhúailiodar í lé fáobhar an chloidhimh, agus do shealbhuigheadar í, agus do áitreabhadar innte, agus do ghoireadar do Lesem, Dan, do reír anma a nathar Dan. 48 Sí so oighreachd threibhe chloinne Dan do reír a muintear, na caithreachaso gun a mbailtibh. 49 ¶ A núair do chuireadar críoch ar roinn a nfearuinn mar oighreachd lé na tteórannuibh, thugadar clann Israel oighreachd do Iosua mhac Nun na measc: 50 Do réir fhocail an TIGHEARNA thugadar an cathair do íarr se dho, mar atá Timnat‐serah a slíabh Ephraim: agus do thóg sé an chathair, agus do chomhnuigh innte. 51 Síad so na hoighreachda, do ranu Eleásar an sagart, agus Iosua mhac Nun, agus cinn aithreadh threibhe chloinne Israel, mar oighreachd le crannchar a Síloh a bhfiaghnuisi an TIGHEARNA, ag dorus thabernacuil an chomhchruinnigh. Mar sin do chriochnuigheadar roinn na tíre. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society