Agus muinnteara Chiriat‐iearim; na Hitritigh, agus na Puhitigh, agus na Sumatitigh, agus na Misraitigh; is úadhasin thangadar na Sareátitigh, agus na Hestaulitígh.
Ann sin tangadar a dhearbhráithre, agus tigh a athar uile a nsúas, agus rugadar leó súas é, agus do adhlaiceadar é idir Sorah agus Estaol a róimh adhlaicthe Mhanoah a athair. Agus do rinne sé breitheamhnuis ar chloinn Israel fichthe blíadhan.
Agus do chuireadar clann Dan cúigear dá muinntir as a ttir, dáoine árrachda, ó Shórah, agus ó Estaol, do bhrath na tíre, agus dá cuartúghadh; agus a dubhradar riú, Eírgidhe, cúartuighidh an dúithche: agus íadsan a núair thangadar go slíabh Ephraim, go tigh Mhícah, dfanadar annsin a noidhchesin.