Ní féidir do’n deagh‐chrann droch‐thoradh do thabhairt, ’ná do’n droch‐chrann toradh maith do thabhairt.
Matha 7:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Mar sin do‐bheir gach deagh‐chrann toradh maith; acht do‐bheir an droch‐chrann droch‐thoradh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar sin, tugann gach crann cóir dea-thoradh, ach tugann drochchrann toradh an oilc. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Mar sin, bheir gach crann maith toradh maith uaidh, acht bheir an droch-chrann droch-thoradh uaidh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Is mar sin do bheir gach uile chrann maith tórrtha maithe; achd do bheir an drochchrann drochthórrtha. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Mar sin tugann gach crann fóghanta toradh fóghanta uaidh, agus tugann an droch-chrann droch-thoradh uaidh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Sa chaoi chéanna, tugann gach crann maith torthaí fónta uaidh, ach tugann an drochchrann drochthorthaí. An Bíobla Naofa 1981 Sa chaoi chéanna, tugann gach crann maith torthaí fónta uaidh, ach tugann an drochchrann drochthorthaí. |
Ní féidir do’n deagh‐chrann droch‐thoradh do thabhairt, ’ná do’n droch‐chrann toradh maith do thabhairt.
(Óir atá toradh an tsolais i ngach saghas maitheasa, agus fíréantachta, agus fírinne),
chum go siubhalfaidh sibh mar d’oirfeadh daoibh san Tighearna, go sásóchaidh sibh é ar an uile shlighe, ag tabhairt tortha san uile dheagh‐ghníomh, agus bhur n‐eolas ar Dhia ag dul i méid;
Atáid mar bhéadh cairrgeacha foluighthe ’n‐bhur bhfleadhannaibh grádha, ag ithe go craosach, mí‐náireach ’n‐bhur gcuibhreann, ag tabhairt aire dhóibh féin amháin; néallta gan uisce d’á scuabadh le gaothaibh; crainn fóghmhair gan toradh, atá marbh fá dhó, do tarraingeadh as a bhfréamhaibh;