Acht do labhair Íosa leo ar an láthair, agus adubhairt sé, Bíodh meisneach agaibh; is mise atá ann; ná bíodh eagla oraibh.
Matha 28:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’fhreagair an t‐aingeal agus adubhairt sé leis na mnáibh, Ná bíodh aon eagla oraibh: tá a fhios agam go bhfuil sibh ar lorg Íosa, an té do céasadh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach dúirt an t‑aingeal leis na mná, “Ná bíodh eagla oraibh; mar tá a fhios agam go bhfuil sibh ag iarraidh Íosa a céasadh. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus d’fhreagair an t-aingeal, agus dubhairt leis na mná: Ná bíodh eagla oraibh-se; óir tá a fhios agam go bhfuil sibh ag cuártughadh Íosa a céasadh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd ar bhfreagra do naingeal a dubhairt sé ris na mnáibh, Ná bíodh eagla oruibhsi: óir atá a fhios agam, gur ab é Iósa do crochadh a tátháoi díarruigh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’fhreagair an t-aingeal agus dubhairt sé leis na mnáibh: Ná bíodh aon eagla oraibh-se; mar tá fhios agam gur bh’é Íosa, do céasadh, atá uaibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Labhair an t-aingeal leis na mná agus dúirt: “Ná bíodh aon eagla oraibhse, mar tá a fhios agam go bhfuil sibh ag lorg Íosa, an té a céasadh. An Bíobla Naofa 1981 Labhair an t‑aingeal leis na mná agus dúirt: “Ná bíodh aon eagla oraibhse, mar tá a fhios agam go bhfuil sibh ag lorg Íosa, an té a céasadh. |
Acht do labhair Íosa leo ar an láthair, agus adubhairt sé, Bíodh meisneach agaibh; is mise atá ann; ná bíodh eagla oraibh.
Annsin adubhairt Íosa leo, Ná bíodh eagla oraibh: imthighidh agus abraidh lem’ bhráithribh imtheacht do’n Ghalilé, agus do‐chífidh siad annsin mé.
agus le h‐eagla roimhe bhí an lucht coimhéadtha ar crioth, agus bhíodar i riocht daoine marbh.
Agus adubhairt seisean leo, Ná bíodh eagla oraibh: atá sibh ar lorg Íosa Nasardha, an té do céasadh: d’éirigh sé; ní fhuil sé annso; féachaidh an áit ’n‐ar chuireadar é!
Agus adubhairt an t‐aingeal léi, Ná bíodh eagla ort, a Mhuire, óir fuarais grás ó Dhia.
agus do bhí scannradh ortha, agus do chromadar a n‐aighthe chum na talmhan, agus adubhradar‐san leo, Cad chuige dhaoibh bheith ag lorg an bheo i measc na marbh?
acht d’aithbheodhuigh Dia é, tar a éis dó pianta an bháis do scaoileadh: óir níorbh fhéidir go gcongbhóchadh an bás é.
Nach spioraidí freastail iad go léir, atá curtha amach chum friothálmha ortha‐san go bhfuil an slánughadh i ndán dóibh mar oidhreacht?