Annsin do céasadh mar aon leis beirt bhitheamhnach, duine aca ar a láimh dheis, agus duine ar a láimh chlé.
Matha 27:44 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus na bitheamhnaigh do bhí d’á gcéasadh mar aon leis, thugadar‐san an masla céadna dhó. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus bhí na gadaithe a bhí á gcéasadh ina chuideachta ag fonóid faoi ar an modh céanna. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus thug na gadaidhthe, a céasadh i n-aoinfheacht leis, an masla céadhna dó. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tugadar na gaduighthe, do chrochadh maráon ris, an scannail chéadna dhó. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus na bitheamhnaigh a bhí céasda i n-aice leis, thugadar an mhasla chéadna dhó. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Na robálaithe freisin a céasadh mar aon leis, bhí siad dá aithisiú mar an gcéanna. An Bíobla Naofa 1981 Na robálaithe freisin a céasadh mar aon leis, bhí siad á aithisiú mar an gcéanna. |
Annsin do céasadh mar aon leis beirt bhitheamhnach, duine aca ar a láimh dheis, agus duine ar a láimh chlé.
Tigeadh an Críost, Rí Israel, anuas de’n chroich anois go bhfeicimís agus go gcreidimís. Agus na daoine do bhí d’á gcéasadh i n‐éinfheacht leis, thugadar masla dhó.
Óir níorbh é a aoibhneas féin do loirg Críost; acht do réir mar tá scríobhtha, Masladh an dreama do mhasluigh thusa, is orm‐sa do luigh sé.
Má bhíonn aon duine agaibh i n‐uireasbaidh eagna, iarradh sé ar Dhia í; is é do‐bheir go fial do chách, gan aithbhear; agus do‐bhéarfar dó í.