Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 24:44 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

D’á bhrigh sin, bidhidh‐se ullamh, leis, óir an uair nach mbíonn sibh ag súil leis is eadh thiocfas Mac an Duine.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Caithfidh sibhse bheith ullamh mar an gcéanna; mar tiocfaidh Mac an duine san am nach bhfuil coinne agaibh leis.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Ar an adhbhar sin, bígidh-se fosta ullamh, óir san uair nach eol díbh is eadh a thiocfas Mac an Duine.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus ar a nadhbharsin bíthísi ullamh: oír is ann sa núair nach sáoilti thiocfas Mac an duine.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

D’á bhrígh sin, bídhidh-se, leis, ollamh, mar an uair nách eól daoibh iseadh atá Mac an Duine le teacht.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

sibh-se freisin, mar sin, bígí ullamh, óir is ar an uair nach síleann sibh a thiocfaidh Mac an Duine.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Sibhse freisin, mar sin, bígí ullamh, óir is ar an uair nach síleann sibh a thiocfaidh Mac an Duine.

Féach an chaibidil



Matha 24:44
11 Tagairtí Cros  

Óir, ar nós na teinntrighe thig ó’n domhan thoir, agus do‐chítear chómh fada leis an domhan thiar; mar sin bhéas teacht Mhic an Duine.


Déanaidh‐se faire, d’á bhrigh sin; óir ní fios daoibh cá h‐uair thiocfas bhúr dTighearna.


Acht bíodh a fhios so agaibh, dá mbéadh a fhios ag fear an tighe cé’n uair ’n‐a dtiocfadh an gadaidhe, do bhéadh sé ag faire agus ní cheadóchadh sé go mbrisfidhe isteach ’n‐a thigh.


Agus fad agus bhíodar ag imtheacht g‐á cheannach, tháinig an fear nua‐phósta; agus na daoine do bhí ullamh do chuadar isteach leisean chum na bainse: agus do dúnadh an doras.


Déanaidh‐se faire, d’á bhrigh sin, óir ní h‐eol daoibh an lá ná an uair.


Acht bidhidh cinnte dhe seo, dá mbéadh a fhios ag fear an tighe cia an uair a bhí an gadaidhe le teacht, go ndéanfadh sé faire, agus nach leigfeadh sé a theach do bhriseadh.


Bidhidh‐se ullamh, mar an gcéadna: óir is ar uair nach bhfuil coinne agaibh leis thiocfas Mac an Duine.


Acht bidhidh ag faire i gcómhnaidhe, agus ag guidhe, go mbéidh sé de neart agaibh éalódh ó na neithibh sin uile atá le teacht, agus seasamh i láthair Mhic an Duine.


Bíodh bhur gcaoimhe soiléir do’n uile dhuine. Atá an Tighearna i gcómhgar.


Ná bidhidh ag cannrán i n‐aghaidh a chéile, a bhráithre, chum nach dtiubharfar breitheamhnas oraibh: féach, atá an breitheamh ’n‐a sheasamh ag an doras.


Bíodh árd‐áthas agus luthgháir mhór orainn, agus tugaimís glóir dó: óir atá bainis an Uain tagtha, agus atá a bhean ullamh.