Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 24:43 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

43 Acht bíodh a fhios so agaibh, dá mbéadh a fhios ag fear an tighe cé’n uair ’n‐a dtiocfadh an gadaidhe, do bhéadh sé ag faire agus ní cheadóchadh sé go mbrisfidhe isteach ’n‐a thigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

43 Ach bíodh a fhios seo agaibh, dá mba rud é go mbeadh fhios ag ceann urra an tí an uair den oíche a dtiocfadh an gadaí, go mbeadh sé ag coimeád, agus nach ligfeadh sé dʼaon duine briseadh isteach ina theach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

43 Acht bíodh a fhios seo agaibh, dá mbéadh a fhios ag fear an tighe cad é an uair a thiocfadh an gadaidhe, is cinnte go ndéanfadh sé faire, agus ní leigfeadh sé a theach a thochailt fríd.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

43 Achd bíodh a fhios so agaibh, dá mbeath a fhios ag fear an tighe cía an úair a dtíocfadh an gaduidhe, go deimhin do dhéanadh sé faire, agus ní fhuileongadh sé a thigh do thochailt tríd.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

43 Ach bíodh fhios an méid seo agaibh, dá mbeadh fhios ag fear an tighe cad é an uair a bheadh an bitheamhnach le teacht, go deimhin do dhéanfadh sé faire, agus ní leigfeadh sé a thigh do bhriseadh isteach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

43 “Bíodh a fhios agaibh é seo, áfach: dá mbʼeol don fhear tí cén t-am san oíche a dtiocfadh an bithiúnach, bheadh sé ag faire agus ní ligfeadh sé ballaí a thí a réabadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

43 “Bíodh a fhios agaibh é seo, áfach: dá mb'eol don fhear tí cén t‑am san oíche a dtiocfadh an bithiúnach, bheadh sé ag faire agus ní ligfeadh sé ballaí a thí a réabadh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 24:43
18 Tagairtí Cros  

Agus sa gceathramhadh faire de’n oidhche tháinig seisean chuca, agus é ag siubhal ar an bhfairrge.


Agus nuair fuaradar é do bhíodar ag cannrán i n‐aghaidh an fhir tighe,


Déanaidh‐se faire, d’á bhrigh sin; óir ní fios daoibh cá h‐uair thiocfas bhúr dTighearna.


D’á bhrigh sin, bidhidh‐se ullamh, leis, óir an uair nach mbíonn sibh ag súil leis is eadh thiocfas Mac an Duine.


Agus fad agus bhíodar ag imtheacht g‐á cheannach, tháinig an fear nua‐phósta; agus na daoine do bhí ullamh do chuadar isteach leisean chum na bainse: agus do dúnadh an doras.


Déanaidh‐se faire, d’á bhrigh sin, óir ní h‐eol daoibh an lá ná an uair.


Déanaidh‐se faire, d’á bhrigh sin: óir ní fhuil a fhios agaibh cé an uair thiocfas fear an tighe, um thráthnóna, nó um uair an mheadhon‐oidhche, nó ar ghlaodhach an choiligh, nó ar maidin;


Agus nuair do chonnaic sé iad ag iomramh, agus saothar mór ortha, (óir do bhí an ghaoth ’n‐a gcoinnibh), tháinig sé chuca i dtimcheall na ceathramhadh faire de’n oidhche, agus é ag siubhal ar an bhfairrge; amhail mar bhéadh sé ag gabháil tharsta:


Agus má’s le linn an dara, nó le linn an treas faire thiocfas sé, agus go bhfaighidh sé mar sin iad, is aoibhinn dóibh‐sean.


Acht bidhidh cinnte dhe seo, dá mbéadh a fhios ag fear an tighe cia an uair a bhí an gadaidhe le teacht, go ndéanfadh sé faire, agus nach leigfeadh sé a theach do bhriseadh.


Acht bidhidh ag faire i gcómhnaidhe, agus ag guidhe, go mbéidh sé de neart agaibh éalódh ó na neithibh sin uile atá le teacht, agus seasamh i láthair Mhic an Duine.


(Féach, atáim ag teacht ar nós gadaidhe. Is aoibhinn do’n té do‐ghní faire, agus choimheádas a chuid éadaighe, ar eagla go siubhalfadh sé lomnocht, agus go bhfeicfidhe a náire).


Cuimhnigh, d’á bhrigh sin, ar a bhfuarais agus ar a gcualais, agus congbhuigh é, agus déan aithrighe. Acht muna ndéanair faire, tiocfad‐sa ar nós gadaidhe, gan a fhios agat cia an uair thiocfad ort.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí