Acht má’s le Spiorad Dé chaithim‐se na deamhain amach, is léir go bhfuil ríoghacht Dé tagtha chugaibh.
Matha 21:43 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Ar an adhbhar sin adeirim libh, Tógfar ríoghacht Dé uaibh‐se, agus do‐bhéarfar í do chineadh bhéarfas a tortha. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Insím daoibh dá bhrí sin go mbainfear ríocht Dé díbhse agus go dtabharfar í do náisiúin a bhéarfas na torthaí is dual di.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ar an adhbhar sin, deirim libh, bainfear ríoghacht Dé uaibh-se, agus bhéarfar í do chineadh a bhéarfas a toradh uatha. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ar a nadhbharsin a deirim ribh, Go dtoigéobhthar rioghachd Dé úaibhsi, agus go dtiobharthar í so chineadh bhéara toradh úatha. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) D’á bhrígh sin adeirim libh go dtógfar uaibh-se rígheacht Dé, agus go dtabharfar í do chine a thabharfaidh toradh uatha uirthi. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Sin an fáth a ndeirim libh go mbainfear Ríocht Dé díbhse agus go dtabharfar do phobal í a thabharfaidh uathu a toradh. An Bíobla Naofa 1981 “Sin an fáth a ndeirim libh go mbainfear ríocht Dé díbhse agus go dtabharfar do phobal í a thabharfaidh uathu a toradh. |
Acht má’s le Spiorad Dé chaithim‐se na deamhain amach, is léir go bhfuil ríoghacht Dé tagtha chugaibh.
Adeir siad‐san leis, Scriosfaidh sé na cuirpthigh sin go millteach, agus bhéarfaidh sé an fíonghort ar cíos do scológaibh eile, bhéarfas na tortha dhó ’n‐a séasúraibh féin.
Adubhairt Íosa leo, Nár léigheabhar riamh ins na scrioptúiribh, An chloch d’ár dhiúltuigh na saoir, Atá cloch chinn chúinne déanta dhí: Is ó’n Tighearna tháinig sí, Agus is iongnantach é ’n‐ár súilibh.
Agus cibé duine thuitfeas ar an gcloich seo, brisfear é ’n‐a bhroscar: acht cibé duine ar a dtuitfidh sí, scriosfaidh sí é.
D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, Go fírinneach adeirim leat, Muna ngeintear duine athuair, ní fhéadann sé ríoghacht Dé d’fheicsin.
D’fhreagair Íosa, Go fírinneach adeirim leat, Muna ngeintear duine ó uisce agus ó’n Spiorad, ní fhéadann sé dul isteach i ríoghacht Dé.
Agus dá mbéadh buaidh na fáidheadóireachta agam, agus dá dtuiginn gach rúindiamhair agus gach eolas, agus dá mbéadh gach creideamh agam ar mhodh go bhféadfainn sléibhte d’aistriú, agus mé bheith gan grádh, atáim gan éifeacht.
Acht cineadh toghtha is eadh sibh‐se, sagartacht ríoghdha, náisiún naomhtha, pobal atá ’n‐a shealbhachas ar leith aige féin; chum go bhfógróchadh sibh tréithe oirdhearca an té do ghlaodh as an dorchadas sibh chum a sholais iongantaigh féin: