Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 21:44 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

44 Agus cibé duine thuitfeas ar an gcloich seo, brisfear é ’n‐a bhroscar: acht cibé duine ar a dtuitfidh sí, scriosfaidh sí é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

44 Agus an té a thuitfeas ar an chloich seo, brisfear é; agus an té ar a dtuitfidh sí, meilfidh sí é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

44 Agus gidh bé neach thuitfeas ar an gcloichse, brisfithear é: agus giodh bé ar a dtuitfi sí, do dhéana sí mionluaithreadh dhe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

44 Agus an t-é a thuitfidh ar an gcloich sin, brisfar é; ach an t-é go dtuitfidh sí air, meilfidh sí é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

44 Aon duine a thitfidh ar an gcloch úd, áfach, bascfar é, ach cibé a dtitfidh sí air, déanfaidh sí é a bhrú ina cháith.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

44 Aon duine a thitfidh ar an gcloch úd, áfach, bascfar é, ach cibé a dtitfidh sí air, déanfaidh sí é a bhrú ina cháith.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 21:44
22 Tagairtí Cros  

Ar an adhbhar sin adeirim libh, Tógfar ríoghacht Dé uaibh‐se, agus do‐bhéarfar í do chineadh bhéarfas a tortha.


Agus nuair do‐chuala uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh an tsamhlaoid sin, do thuigeadar gur ’n‐a dtaobh féin do bhí sé ag labhairt.


Atá Mac an Duine ag imtheacht, fá mar atá scríobhtha ’n‐a thaobh: acht monuar do’n fhear sin tré n‐a mbraithtear Mac an Duine! do b’fhearr‐de an fear sin dá mba nach rugadh é ariamh.


Agus d’fhreagair na daoine go léir, Orainn féin agus ar ár gclainn a chuid fola!


agus do bheannuigh Simeon iad, agus adubhairt sé le Muire, a mháthair, Féach, atá sé seo ceaptha chum leagtha agus chum aiséirighthe móráin i nIsrael, agus chum bheith ’n‐a chómhartha go gcuirfear ’n‐a aghaidh;


Gach aoinneach thuiteas ar an gcloich sin brisfear é ’n‐a bhroscar; acht an té ar a dtuitfidh sí, meilfidh sí ’n‐a mhion‐luaith é.


D’fhreagair Íosa dhó, Ní bhéadh aon chumas agat im’ aghaidh muna dtugtaidhe dhuit é ó neamh anuas: uime sin, an té thug ar láimh duit mé, is móide a pheacadh é.


fá mar tá scríobhtha, Féach, cuirim i Síon ceap tuislidh agus carraig scannail, Agus cibé chreideas ann, ní náireochar é.


’g‐ár gcosc ar labhairt leis na Cineadhachaibh chum iad do shlánú; ag méadú a bpeacaidhe de shíor; acht atá dhíbheirg tagtha go h‐iomlán ortha.


Agus, Cloch tuislidh, agus carraig scannail; óir tuisligheann siad ar an mbriathar, toisc iad bheith easumhal dó: agus is é do bhí i ndán dóibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí