Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 21:45 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

45 Agus nuair do‐chuala uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh an tsamhlaoid sin, do thuigeadar gur ’n‐a dtaobh féin do bhí sé ag labhairt.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

45 Nuair a chuala na hardsagairt agus na Fairiséigh a fháithscéalta, thuig siad gur orthu a bhí sé ag caint.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

45 Agus nuair a chuala uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh a fháithscéalta, thuig siad gurbh ortha féin a bhí sé ag trácht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

45 Agus an tráth do chúaladar úachdaráin na sagart agus na Phairisinigh an chosmhalachd sin, do aithnigheadar gur ab na dtimcheall féin da labhair sé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

45 Agus nuair airigh uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh na soluídí uaidh, thuigeadar gur bh’ ortha féin a bhí sé ag caint.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

45 Uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh, nuair a chuala siad a chuid parabal, bhí a fhios acu gur chucu féin a bhí sé,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

45 Uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh, nuair a chuala siad a chuid parabal, bhí a fhios acu gur chucu féin a bhí sé,

Féach an chaibidil Cóip




Matha 21:45
6 Tagairtí Cros  

Nach mó le rádh go mór duine ’ná caora! D’á bhrigh sin is dleaghthach maith do dhéanamh, lá na sabóide.


Agus do mhúin sé mórán neithe i samhlaoidibh dhóibh, agus adubhairt sé, Féach, do chuaidh síoladóir amach ag cur síl;


Agus cibé duine thuitfeas ar an gcloich seo, brisfear é ’n‐a bhroscar: acht cibé duine ar a dtuitfidh sí, scriosfaidh sí é.


Agus nuair shanntuigheadar greim d’fhágháil air, do bhí eagla ortha roimh na daoinibh, óir do mheasadar‐san gurbh fháidh é.


Agus d’fhreagair duine de’n lucht dlighe, agus adubhairt sé leis, A Mháighistir, nuair adeirir an méid sin do‐bheirir masla dhúinne, leis.


Agus do bhí na scríobhaidhthe agus uachtaráin na sagart ag iarraidh greim láimhe d’fhágháil air an t‐am sin féin; agus do bhí eagla an phobail ortha: óir ba léir dhóibh gurab ’n‐a n‐aghaidh féin d’innis sé an tsamhlaoid sin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí