Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 21:46 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

46 Agus nuair shanntuigheadar greim d’fhágháil air, do bhí eagla ortha roimh na daoinibh, óir do mheasadar‐san gurbh fháidh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

46 Ach nuair a bhí siad ag iarraidh a ghabháil, bhí eagla orthu roimh na sluaite, ó ghlac siad mar fhírinne leis go raibh sé ina fháidh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

46 Agus nuair a shanntuigh siad breith air, bhí eagla ortha roimh na sluaighte, óir bhí meas fáidh acu-san air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

46 Agus an tráth do shantuigheadar breith air, do bhí eagla an phobail orrtha, óir do bhí meas fáidhe aca airsean.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

46 Agus ba mhian leó é ghabháil, ach bhí eagla acu roimis na daoine, mar fáidh ab eadh é acu.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

46 agus cé gurbh fhonn leo é a ghabháil, bhí eagla orthu roimh na sluaite, mar bhí meas fáidh acu sin air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

46 agus cé gurbh fhonn leo é a ghabháil, bhí eagla orthu roimh na sluaite, mar bhí meas fáidh acu sin air.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 21:46
15 Tagairtí Cros  

Agus adubhairt na sluaighte, Is é seo an fáidh, Íosa, ó Nasair na Gaililé.


Acht má deirimíd, Ó dhaoinibh; tá eagla an phobail orainn; óir atá na daoine go léir ar aon aigne gur fáidh Eoin.


Agus nuair do‐chuala uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh an tsamhlaoid sin, do thuigeadar gur ’n‐a dtaobh féin do bhí sé ag labhairt.


Agus d’fhreagair Íosa, agus do labhair sé aris i samhlaoidibh leo,


Agus do‐chuala uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe é, agus do bhíodar ag iarraidh caoi d’fhágháil le n‐a mhilleadh: óir do bhí eagla ortha roimhe, de bhrigh go ndearna an sluagh uile iongnadh d’á theagasc.


Agus thug sé d’á mháthair é. Agus tháinig crith‐eagla ar gach uile dhuine: agus thugadar glóir do Dhia, g‐á rádh, Atá fáidh mór éirighthe ’n‐ár measc: agus, Tháinig Dia ar cuairt chum a mhuinntire.


Agus an Fairisíneach thug an cuireadh dhó, nuair do chonnaic sé sin, adubhairt sé ’n‐a inntinn féin, Dá mba fáidh an fear so, do bhéadh a fhios aige cia h‐í an bhean so atá ag baint leis, agus caidé an sórt í, gur peacach í.


Annsin do shanntuigheadar breith air: acht níor chuir aon duine lámh ann, óir ní raibh a uair tagtha fós.


Ní fhéadann an saoghal fuath do thabhairt daoibh‐se; acht atá fuath aige dhamh‐sa, de bhrigh go dtugaim fiadhnaise ’n‐a thaobh go bhfuil a ghníomhartha go h‐olc.


A phobail Israel, éistidh leis na briathraibh seo: Íosa Nasardha, duine do mhol Dia dhaoibh leis na cumhachtaibh, agus leis na míorbhailtibh, agus leis na cómharthaibh, do‐rinne Dia tríd ’n‐bhúr measc, mar is eol daoibh féin;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí