Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 12:28 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Acht má’s le Spiorad Dé chaithim‐se na deamhain amach, is léir go bhfuil ríoghacht Dé tagtha chugaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

28 Ach más trí Spiorad Dé a bhímse ag díbirt deamhan, níl amhras nár tháinig ríocht Dé oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

28 Acht má theilgim-se amach na deamhain i Spiorad Dé, tháinic ríoghacht Dé, dá bhrígh sin, i bhur measc.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 Achd más lé Spioruid Dé theilgimsi a mach na deamhain, tháinic rioghachd Dé chugaibhsi go deimhin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Ach má’s le Spioraid Dé a chuirim-se na deamhain amach, siné rígheacht Dé tagaithe i nbhúr measg.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

28 Ach más trí Spiorad Dé a chaithim amach na deamhain, dá réir sin tá Ríocht Dé tagtha chugaibh cheana.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 12:28
23 Tagairtí Cros  

Féach, mo sheirbhíseach atá toghtha agam; An té is ionmhain liom ’n‐a bhfuil aoibhneas m’anma: Cuirfead mo Spiorad air, Agus fógróchaidh Sé breitheamhnas do na Geintibh.


Nó, cionnas is féidir do dhuine dul isteach i dtigh an fhir láidir, agus a chuid d’fhuadach, muna gceanglaidh sé ar dtús an fear láidir?


Ciaca de’n bheirt seo do‐rinne toil a athar? Adubhradar‐san leis, An chéad fhear. Adubhairt Íosa leo, Go fírinneach adeirim libh, go rachaidh na poibleacáin agus na striapacha isteach i ríoghacht Dé rómhaibh‐se.


Ar an adhbhar sin adeirim libh, Tógfar ríoghacht Dé uaibh‐se, agus do‐bhéarfar í do chineadh bhéarfas a tortha.


Agus do leath a chlú ar fud tíre na Sithre ar fad, agus tugadh chuige iad‐san go léir ar a raibh easláinte, iad do bhí cráidhte le galaraibh ilghnéitheacha agus le piantaibh, agus go raibh deamhain ionnta, daoine go raibh an galar tuitimeach agus pairilis ortha; agus do leigheas sé iad.


Acht loirgidh ar dtús ríoghacht Dé agus a fhíréantacht, agus do‐bhéarfar daoibh sa mbreis na neithe sin go léir.


agus é ’g‐a rádh, Atá an t‐am cóimhlíonta, agus atá ríoghacht Dé druidthe linn: déanaidh aithrighe, agus creididh do’n tsoiscéal.


Is beannuighthe an ríoghacht atá ag teacht, ríoghacht ár n‐athar Dáibhi! Hósanná ins na flaitheasaibh is aoirde!


Agus is iad so na cómharthaí leanfas iad‐san chreidfeas: caithfid deamhain amach im’ ainm‐se; labharfaid as teangthachaibh nua;


croithimís dínn é ’n‐bhúr n‐aghaidh: acht cheana, bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríoghacht Dé druidthe libh.


Acht má’s le cumhacht Dé chuirim‐se na deamhain amach, annsin atá ríoghacht Dé tagtha chugaibh.


Do bhí an reacht agus na fáidhe ann go dtí aimsear Eoin: ó’n tráth sin atá soiscéal ríoghachta Dé d’á chraobhscaoileadh, agus atá gach aoinneach ag teannadh isteach innti.


Agus do chuir sé amach iad ag craobhscaoileadh ríoghachta Dé, agus ag leigheas na n‐easlán.


cionnas mar d’ong Dia Íosa Nasardha leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht: gur ghluais sé roimhe ag déanamh deagh‐ghníomh, agus ag leigheas gach duine do bhí fá smacht an diabhail; óir do bhí Dia leis.


óir ní biadh agus ól ríoghacht Dé, acht fíréantacht, agus síothcháin, agus áthas san Spiorad Naomh.


D’fhuascail sé ó chumhacht an dorchadáis sinn, agus d’aistrigh sé go ríoghacht a Mhic ionmhain féin sinn;


Uime sin, ag fágháil ríoghachta do‐chorruighthe dhúinn, taisbeánaimís ár mbuidheachas, chum go ndéanfaimíd seirbhís taithneamhach do Dhia, le h‐urraim dhiadha agus le h‐eagla,


an té do‐ghní peacadh, is duine de chlainn an diabhail é; óir atá an diabhal ag déanamh peacaidh ó thús. Chuige seo is eadh do foillsigheadh Mac Dé, chum go gcuirfeadh sé deireadh le h‐oibreachaibh an diabhail.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí