Annsin imthigheann sí, agus beireann sí léi seacht spioraidí eile is measa ’ná í féin, agus, téigheann siad isteach, agus cómhnuigheann siad ann: agus is aindeise an duine sin ar deireadh ’ná ar dtús. Agus is mar sin bhéas an scéal ag an droch‐shliocht so.
Agus ag friotháileamh gnótha an Tighearna, agus ag déanamh troscaidh dhóibh, adubhairt an Spiorad Naomh, Cuiridh i leathtaoibh Barnabas agus Saul le h‐aghaidh na h‐oibre chum a bhfuil siad ceaptha agam.
Agus tar éis seanóirí do thoghadh dhóibh ins gach eaglais, agus urnaighe agus troscadh do dhéanamh, d’fhágadar iad fá choimirce an Tighearna, go raibh a gcreideamh ann.
Ná h‐eitighidh a chéile, munab de thoil a chéile é ar feadh tamaill, chum go gcromfaidh sibh ar urnaighe, agus annsin tagaidh le chéile arís, ar eagla go gcuirfeadh Sátan cathú oraibh mar gheall ar neamh‐gheamnaidheacht.