1 Corantaigh 7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Anois maidir leis na neithibh gur scríobh sibh chugam ’n‐a dtaobh: Is maith do’n fhear gan baint a bheith aige le mnaoi. 2 Acht chum striapachas do sheachaint, bíodh a bhean féin ag gach fear, agus bíodh a fear féin ag gach mnaoi. 3 Tabhradh an fear a dual féin do’n mhnaoi, agus tabhradh an bhean an cómhar chéadna do’n fhear. 4 Ní ag an mnaoi atá ceannas a cuirp féin, acht ag an bhfear; agus ar an gcuma chéadna ní ag an bhfear atá ceannas a chuirp féin, acht ag an mnaoi. 5 Ná h‐eitighidh a chéile, munab de thoil a chéile é ar feadh tamaill, chum go gcromfaidh sibh ar urnaighe, agus annsin tagaidh le chéile arís, ar eagla go gcuirfeadh Sátan cathú oraibh mar gheall ar neamh‐gheamnaidheacht. 6 Acht cheana, deirim an méid seo mar dheonú, agus ní mar órdú é. 7 Is é rud dob’ fhearr liom an uile dhuine bheith mar táim féin. Cia ar bith é, atá a bhronntanas féin ó Dhia ag gach duine, ag duine amháin ar an gcuma so, ar an gcuma úd ag duine eile. 8 Adeirim leis na fearaibh nach bhfuil pósta agus leis na baintreachaibh: Is maith dhóibh fanamhain mar fhanaim‐se. 9 Acht muna féidir leo smacht do chongbháil ortha féin, pósaidís; mar is fearr pósadh ’ná bheith ar lasadh. 10 Acht do na daoinibh atá pósta, órduighim‐se, acht ní mise acht an Tighearna órduigheas, gan an bhean do scaramhain le n‐a fear. 11 Acht má tá sí scarthá leis, fanadh sí gan pósadh, nó réidhtigheadh sí le n‐a fear; agus ná cuireadh an fear a bhean uaidh. 12 Agus leis na daoinibh eile adeirim‐se, ní h‐é an Tighearna é: Má tá bean nach gcreideann ag bráthair ar bith, agus má tá sise toilteanach ar chómhnaidhe leis, ná tréigeadh seisean í. 13 Agus an bhean go bhfuil fear nach gcreideann aici, agus gur mian leisean cómhnaidhe i n‐éinfheacht léi, ná tréigeadh sise é. 14 Óir naomhuightear an fear díchreidmheach tríd an mnaoi, agus naomhuightear an bhean díchreidmheach tríd an bhfear: munarbh é sin é, do béadh bhur gclann neamh‐ghlan: acht anois atáid glan. 15 Acht dá mba mhian leis an duine gan creideamh imtheacht, imthigheadh sé. Ní fhuil ceangal ar bhráthair ná ar shiúr ’n‐a leithéid sin de chás: acht is chum síothchána do ghlaodh Dia sinn. 16 Óir cá bhfios duit‐se, a bhean, nach sábhálfaidh tú t’fhear? nó cá bhfios duit‐se, a fhir, nach sábhálfaidh tú do bhean? 17 Acht siubhaladh gach aoinneach do réir mar roinn Dia leis, de réir na garma fuair sé ó Dhia. Agus is mar sin órduighim‐se ins na h‐eaglaisibh uile. 18 Má gairmthear aoinneach atá timcheall‐ghearrtha, fanadh sé timcheall‐ghearrtha. Má gairmeadh aoinneach nach raibh timcheall‐ghearrtha, ná timcheall‐ghearrthar é. 19 Ní h‐éinnidh an timcheall‐ghearradh, agus ní h‐éinnidh an neamh‐thimcheall‐ghearradh, acht is é an t‐iomlán umhlú d’aitheanta Dé. 20 Fanadh gach duine san ngairm ’n‐ar gairmeadh é. 21 Ar gairmeadh thú id’ sclábhaidhe dhuit? Ná bíodh sé ’n‐a chás ort; acht má fhéadann tú bheith saor, bain leas as. 22 Óir an té do gairmeadh san Tighearna, bíodh gur sclábhaidhe é, saoránach an Tighearna is eadh é: ar an gcuma chéadna an té fuair gairm agus é saor, searbhónta Chríost is eadh é. 23 Do ceannuigheadh sibh ar luach mór; ná bidhidh ’n‐bhur sclábhaidhthibh ag daoinibh. 24 A bhráithre, fanadh gach duine agaibh i bhfiadhnaise Dé mar a raibh sé nuair fuair sé an ghairm. 25 Anois i dtaobh na maighdean, ní fhuil aithne ó’n Tighearna agam: acht do‐bheirim mo chómhairle, mar dhuine fuair trócaire ó’n Tighearna chum bheith dílis. 26 Is é mheasaim‐se, mar gheall ar anró na h‐uaire, go mba mhaith do’n duine fanamhain mar tá sé. 27 An bhfuil tú ceangailte le mnaoi? Ná h‐iarr bheith scartha léi. An bhfuil tú scartha le mnaoi? Ná h‐iarr bean. 28 Acht má phósair, ní fhuil peacadh déanta agat; agus má phósann maighdean, ní fhuil peacadh déanta aici‐se. Acht do‐gheobhaidh a leithéidí anró ó thaobh na feola; agus ba mhaith liom bhur spáráil. 29 Acht is é adeirim‐se, a bhráithre, go bhfuil an t‐am d’á aith‐ghearradh ’n‐a raibh siad‐san go bhfuil mná aca mar bhéidís gan mná; 30 agus iad‐san do‐ghní gol mar bhéidís gan bheith ag gol; agus iad‐san do‐ghní gáirdeachas mar dhaoine nach ndéanann gáirdeachas; agus iad‐san cheannuigheas mar bhéadh daoine gan sealbhachas; 31 agus ’n‐a raibh siad‐san bhaineas úsáid as an saoghal so mar bhéadh daoine nach mbaineann úsáid go h‐iomlán as; óir atá gné an tsaoghail seo ag imtheacht thart. 32 Acht is é ba mhian liom‐sa sibh bheith saor ó imnidhe. An té nach bhfuil pósta is iad neithe bhaineas leis an Tighearna bhíos mar chúram air, d’iarraidh Dia do shásamh: 33 acht an té atá pósta, is iad neithe an tsaoghail seo bhíos mar chúram air, agus é d’iarraidh a bhainchéile do shásamh. 34 Agus atá deifir idir an bhean phósta agus an mhaighdean. An bhean nach bhfuil pósta, is iad neithe bhaineas leis an Tighearna bhíos mar chúram uirthi, d’iarraidh bheith naomhtha san gcolainn agus san spiorad: acht an bhean atá pósta, is iad neithe an tsaoghail seo bhíos mar chúram uirthi‐se, d’iarraidh toil a fir do dhéanamh. 35 Is ar mhaithe libh féin adeirim an méid seo; ní h‐é go mba mhian liom ceangal do chur oraibh, acht chum ionnracais, agus chum go gceangalfadh sibh do’n Tighearna gan seachmall. 36 Acht má mheasann aoinneach nach iomchubhaidh dhó leigean d’á mhaigdin dul thar bláth na h‐óige, agus má’s gábhadh é, déanadh sé mar is áil leis féin, ní fhuil peacadh d’á dhéanamh aige; pósaidís. 37 Acht an té atá lán‐dearbhtha ’n‐a chroidhe istigh, gan aon éigean bheith ann, acht ceannas bheith aige ar a thoil féin, agus é bheith de rún ’n‐a chroidhe aige a mhaighdean do choimheád gan pósadh, do‐ghní sé go maith. 38 Uime sin an té do‐bheir a mhaighdean le pósadh, do‐ghní sé go maith, acht an té nach dtugann í le n‐a pósadh, is fearr do‐ghní seisean. 39 Atá an bhean fá cheangal chómh fada agus mhaireas a fear; acht má tá a fear marbh, atá sí saor chum an té is rogha léi do phósadh; acht amhain san Tighearna. 40 Acht do réir mo thuairime‐se, do b’aoibhnighe dhi dá bhfanadh sí mar tá sí; agus measaim‐se, leis, go bhfuil Spiorad Dé agam cómh maith le duine. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society