Matha 17:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’fhiafruigh a dheisceabail de, g‐á rádh, Cad chuige a n‐abrann na scríobhaidhthe go gcaithfidh Élias teacht ar dtús? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dʼfhiafraigh na deisceabail de, “Más amhlaidh, cad chuige a ndeir na scríobhaithe go gcaithfidh Elía teacht an chéad uair?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus cheistigh a dheisciobail é, ag rádh: Cad chuige, mar sin, a n-abrann na Scríobhaidhthe gurab éigean do Elías a theacht ar dtús? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do fhiafruigheadar a dheisciobail dheisean, ag rádh, Maseadh cred fa a nabruid na sgriobhuidhe gur ab éigin Elías do theachd air tús? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’fhiafraigh na deisgiobuil dé: Agus cad chuige go ndeir na Sgríbhneóirí nách foláir Elias do theacht ar dtúis? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach chuir a dheisceabail ceist air: “Cad é seo a deir na scríobhaithe, más ea, go gcaithfidh Éilias teacht ar dtús?” An Bíobla Naofa 1981 Ach chuir a dheisceabail ceist air: “Cad é seo a deir na scríobhaithe, más ea, go gcaithfidh Éilias teacht ar dtús?” |
Agus adubhradar‐san, Adeir cuid aca, Eoin Baiste; cuid eile, Élias; agus cuid eile, Ieremias, nó duine de na fáidhibh.
Agus d’fhreagair seisean agus adubhairt, Tiocfaidh Élias go fírinneach, agus athnuadhfaidh sé gach aon nidh:
Agus do chuireadar ceist air, agus adubhradar, Cad chuige a n‐abrann na scríobhaidhthe go gcaithfidh Élias teacht ar dtús?
Agus d’fhiafruigheadar de, Cia h‐é thusa, má’s eadh? An tú Élias? Adubhairt seisean, Ní mé. An tusa an fáidh? Agus d’fhreagair seisean, Ní mé.
Agus do cheistigheadar é, agus adubhradar leis, Cad chuige a ndéanann tú baisteadh, mar sin, muna tusa an Críost, nó Élias, nó an fáidh?