Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 10:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Leigheasaidh na h‐easláin, dúisighidh na mairbh, glanaidh na lobhair, caithidh amach na deamhain: i n‐aisce do fuarabhar, tabhraidh uaibh i n‐aisce.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Leigheasaigí na daoine breoite, tógaigí na marbháin, glanaigí na Iobhair, díbrígí na deamhain. Fuair sibh saor in aisce, tugaigí uaibh saor in aisce.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Leigheasaigidh na h-easláin, tógaigidh na mairbh, glanaigidh na lobhair, teilgigidh amach deamhain. I n-aiscidh a fuair sibh, tabhairigidh uaibh i n-aiscidh.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Slánaighidh na daóine éugcrúaidhe, glanaigh na lobhair, dúisgidh na mairbh, teilgidh a mach na deamhain: a naisgidh fúarabhair, tabhruidh uáibh a naisgidh.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Leighsidh daoine breóite; tógaidh na mairbh ó’n mbás; glanaidh na lobhair; cuiridh amach na deamhain. Is i n-aisge do fuarabhair; tugaidh uaibh i n-aisge.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Leigheasaigí lucht tinnis, tógaigí na mairbh, glanaigí na lobhair, caithigí amach na deamhain. In aisce a fuair sibh; tugaigí uaibh in aisce.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Leigheasaigí lucht tinnis, tógaigí na mairbh, glanaigí na lobhair, caithigí amach na deamhain. In aisce a fuair sibh; tugaigí uaibh in aisce.

Féach an chaibidil



Matha 10:8
15 Tagairtí Cros  

Agus do ghlaodh sé chuige a dháréag deisceabal, agus thug sé cumhacht dóibh ar na spioraidibh neamh‐ghlana, chum iad do chaitheamh amach, agus chum gach galar agus gach breoiteacht do leigheas.


Agus, sa tslighe dhaoibh, bidhidh ag craobhscaoileadh, g‐á rádh, Atá rioghacht neimhe i ngiorracht daoibh.


Ná soláthruighidh ór, ná airgead, ná prás i n‐bhúr gcreasaibh;


tógfaid nathracha nimhe: agus má ólaid aon nidh marbhthach, ní dhéanfaidh sé dochar ar bith dhóibh; cuirfid a lámha ar na daoinibh breoite agus leigheasfar iad.


agus leigheasaidh na daoine breoite sa gcathair sin, agus abraidh leo, Atá ríoghacht Dé druidthe libh.


Acht adubhairt Peadar, Ní fhuil airgead agam ná ór; acht an nidh atá agam do‐bheirim duit‐se é. I n‐ainm Íosa Críost Nasardha, éirigh agus siubhail.


dána, agus tú ag síneadh amach do láimhe ag leigheas; agus go ndéantar míorbhailtí agus iongantaisí tré ainm do Naomh Sheirbhísigh Íosa.