Lúcás 23:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) acht do ghlaodhadar amach, g‐á rádh, Céas, céas é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) ach ghlaoigh siad os ard, “Déan a chéasadh, céas ar chrann é!” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht scairt siad amach arís, ag rádh: Céas é, céas é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd do éimhgheadarsan, ag rádh, Croch é, croch é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus is amhlaidh a liúghadar níos aoirde: Dein é chéasadh; dein é chéasadh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach bhí siad ag liúireach: “Céas é, céas é!” An Bíobla Naofa 1981 Ach bhí siad ag liúireach: “Céas é, céas é!” |
Agus adubhairt sé leo an treas uair, Cad chuige, cad é an t‐olc atá déanta aige? Ní fhuaras‐sa aon chúis báis ann: smachtóchad é, d’á bhrigh sin, agus scaoilfead saor é.
Acht do sheasadar go dána, ag glaodhach i n‐árd a ngotha, ag iarraidh é do chéasadh. Agus do bhuaidh a nglór.
Agus adubhairt sé leis na h‐Iúdachaibh, Sin é bhúr Rí! Acht do liúghadar, Tóg uainn é, tóg uainn é, croch é! Adubhairt Píoláid leo, An amhlaidh chrochfad bhúr Rí? D’fhreagair na h‐árd‐shagairt, Ní fhuil aon rí againn acht Céasar.
Agus bíodh nach bhfuaradar aon choir do thuill bás ann, d’iarradar ar Phíoláid go gcuirfidhe é chum báis.