Agus má deir aoinneach éinnidh libh, adéaraidh sibh‐se, Tá siad ag teastáil ó’n Tighearna; agus cuirfidh sé uaidh ar an láthair iad.
Lúcás 22:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adéarfaidh sibh le fear an tighe, Adeir an Máighistir leat, Cá bhfuil an seomra aoigheachta, i n‐a n‐íosfad an Cháisc i gcuibhreann mo dheisceabal? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus abraigí le fear an tí, ‘Is é a deir an tOide leat, cá bhfuil an seomra aíochta, a n‑íosfaidh mé an cháisc ann i gcuideachta mo dheisceabal?’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus déarfaidh sibh le fear an tighe: Deir an Máighistir leat: Cá bhfuil an seomra aoidheachta, go n-ithidh mé an cháisc i dteannta mo dheisciobal? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus abruidh ré fear an tighe, A deir an Maighisdir riot, Cáit a bhfuil an Ióisdín, iona níosa mé an cháisg maille rem dheisciobhluibh? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus abraidh le fear an tighe sin, Deir an Máighistir leat: Cá bhfuil an seómra bídh go n-ithead an cháisg i bhfochair mo dheisgiobul? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus abraigí le fear an tí: ‘Dúirt an Máistir a rá leat: Cá bhfuil an seomra aíochta go n-ithinn an cháisc ann in éineacht le mo dheisceabail?’ An Bíobla Naofa 1981 agus abraigí le fear an tí: ‘Dúirt an Máistir a rá leat: Cá bhfuil an seomra aíochta go n‑ithinn an cháisc ann in éineacht le mo dheisceabail?’ |
Agus má deir aoinneach éinnidh libh, adéaraidh sibh‐se, Tá siad ag teastáil ó’n Tighearna; agus cuirfidh sé uaidh ar an láthair iad.
agus cibé teach ’n‐a rachaidh sé isteach, abraidh le fear an tighe, Adeir an Máighistir, Cá bhfuil an seomra ’n‐a n‐íosad an Cháisc i bhfochair mo dheisceabal?
Agus má fhiafruigheann aoinneach dhíbh, Cad chuige a bhfuil sibh g‐á scaoileadh? abraidh leis mar seo, Teastuigheann sé ó’n Tighearna.
Agus nuair tháinig Íosa chum na h‐áite, do dhearc sé suas, agus adubhairt sé leis, A Shacchéuis, brostuigh agus tar anuas: óir caithfead‐sa cur fúm id’ thigh‐se indiu.
Agus adubhairt sé leo, Féach, ar dhul isteach sa gcathair dhaoibh, casfar oraibh fear agus soitheach uisce ar iomchar aige; leanaidh eisean isteach sa tigh i n‐a bhfuil sé ag dul.
Agus taisbeánfaidh sé dhaoibh seomra mór uachtarach agus é i gcóir; ullmhuighidh annsin.
Agus nuair adubhairt sí sin, d’imthigh sí, agus do ghlaodh sí ós íseal ar Mháire, a deirbhshiúr, g‐á rádh, Atá an Máighistir annso, agus atá sé ag glaodhach ort.
Féach, atáim im’ sheasamh ag an doras ag bualadh: má éisteann aon duine lem’ ghuth, agus an doras d’fhoscailt, tiocfad isteach chuige, agus íosad suipéar i n‐éinfheacht leis, agus íosaidh seisean i n‐éinfheacht liom‐sa.