A Iarúsalem, a Iarúsalem, mharbhas na fáidhe, agus ghabhas de chlochaibh ortha‐san a curtar chugat! cad é a mhinicighe dob’ áil liom do chlann do chruinniú le chéile, mar chruinnuigheas cearc a h‐ál féin fá n‐a sciathánaibh, agus níorbh áil leat é!
Lúcás 20:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus sa tséasúr do chuir sé searbhónta chum na scológ, go dtiubhraidís cuid de thoradh an fhíonghuirt dó: acht do ghabhadar air, agus do chuireadar uatha folamh é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a bhí an t‑am istigh, chuir sé duine de na seirbhísigh chuig na tionóntaí, go dtabharfaidís cuid de thoradh an fhíonghoirt dó; ach ní dhearna na tionóntaí ach a bhualadh agus a thiomáint ar shiúl agus a lámha folamh. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a bhí an séasúr ann chuir sé seirbhíseach chuig na saothruightheoirí, go dtabharadh siad dó cuid de thoradh an fhíonghuirt. Acht bhuail siad agus chuir siad ar shiubhal folamh é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus na am féin do chuir sé a shearbhfhoghantuighe chum na sgológ, ionnus go dtiobhraidis ní do thoradh na fíneamhna dhó: achd do ghabhadar na sgológa air, agus do chuireadar folamh uátha é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair tháinig an t-am chuir sé seirbhíseach leis ag triall ar an lucht saothruighthe a d’iarraidh toradh an fhíonghuirt. Agus do ghabhadar air, agus chuireadar uatha folamh é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a tháinig an t-am, chuir sé seirbhíseach uaidh go dtí na curadóirí chun go dtabharfaidís dó a chion de thoradh an fhíonghoirt; ach chuir na curadóirí ar ais folamh é tar éis dóibh é a bhualadh. An Bíobla Naofa 1981 Nuair a tháinig an t‑am, chuir sé seirbhíseach uaidh go dtí na curadóirí chun go dtabharfaidís dó a chion de thoradh an fhíonghoirt; ach chuir na curadóirí ar ais folamh é tar éis dóibh é a bhualadh. |
A Iarúsalem, a Iarúsalem, mharbhas na fáidhe, agus ghabhas de chlochaibh ortha‐san a curtar chugat! cad é a mhinicighe dob’ áil liom do chlann do chruinniú le chéile, mar chruinnuigheas cearc a h‐ál féin fá n‐a sciathánaibh, agus níorbh áil leat é!
Agus do chuir sé searbhónta eile: agus do ghabhadar air‐sean, agus thugadar droch‐íde air, agus do chuireadar uatha folamh é.
Agus do thosnuigh sé ar an tsamhlaoid seo do labhairt leis na daoinibh: Do chuir duine fíonghort, agus thug sé ar cíos do scológaibh é, agus d’imthigh sé go tír eile go ceann i bhfad.
Ní sibh‐se do thogh mise, acht is mise do thogh sibh‐se, agus do cheapas sibh chum go n‐imtheochadh sibh agus go dtiubhradh sibh toradh, agus go mbéadh bhúr dtoradh buan: ionnas, cibé nidh iarrfas sibh ar an Athair im’ ainm‐se, go dtiubhradh sé dhaoibh é.
Ar an gcuma sin, a bhráithre, atá sibh‐se marbh do’n dlighe tré chorp Chríost; chum go mbéadh sibh ceangailte do dhuine eile, is é sin do’n té do tógadh ó na marbhaibh, chum go dtiubhraimís toradh do Dhia.