Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 20:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Nuair a tháinig an t‑am, chuir sé seirbhíseach uaidh go dtí na curadóirí chun go dtabharfaidís dó a chion de thoradh an fhíonghoirt; ach chuir na curadóirí ar ais folamh é tar éis dóibh é a bhualadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Nuair a bhí an t‑am istigh, chuir sé duine de na seirbhísigh chuig na tionóntaí, go dtabharfaidís cuid de thoradh an fhíonghoirt dó; ach ní dhearna na tionóntaí ach a bhualadh agus a thiomáint ar shiúl agus a lámha folamh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Agus nuair a bhí an séasúr ann chuir sé seirbhíseach chuig na saothruightheoirí, go dtabharadh siad dó cuid de thoradh an fhíonghuirt. Acht bhuail siad agus chuir siad ar shiubhal folamh é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Agus sa tséasúr do chuir sé searbhónta chum na scológ, go dtiubhraidís cuid de thoradh an fhíonghuirt dó: acht do ghabhadar air, agus do chuireadar uatha folamh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus na am féin do chuir sé a shearbhfhoghantuighe chum na sgológ, ionnus go dtiobhraidis ní do thoradh na fíneamhna dhó: achd do ghabhadar na sgológa air, agus do chuireadar folamh uátha é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Agus nuair tháinig an t-am chuir sé seirbhíseach leis ag triall ar an lucht saothruighthe a d’iarraidh toradh an fhíonghuirt. Agus do ghabhadar air, agus chuireadar uatha folamh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Nuair a tháinig an t-am, chuir sé seirbhíseach uaidh go dtí na curadóirí chun go dtabharfaidís dó a chion de thoradh an fhíonghoirt; ach chuir na curadóirí ar ais folamh é tar éis dóibh é a bhualadh.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 20:10
32 Tagairtí Cros  

Tháinig Zidicíá mac Canáná chun tosaigh ansin agus bhuail sé Míocáia i gcorrán a ghéill agus dúirt: “Conas a d'fhág spiorad an Tiarna mise le labhairt leatsa?”


Mar sin féin thug an Tiarna an rabhadh seo d'Iosrael agus do Iúdá trí bhéal na bhfáithe agus an lucht físe go léir: “Filligí ó bhur ndrochshlite agus coinnigí m'aitheanta agus mo reachtanna de réir an dlí iomláin a leag mé amach do bhur n‑aithreacha agus a thug mé daoibh trí mo shearbhóntaí, na fáithe.”


Ghabh Hánún seirbhísigh Dháiví dá bhrí sin, bhearr an fhéasóg de gach duine díobh, ghearr a gcuid éadaigh díobh leath slí suas chun a más, agus chuir chun siúil iad,


Chuir an físí fearg ar Ásá agus chuir an rí i ngeimhle i gcarcair é le barr feirge leis dá bharrsan; san am céanna thosaigh Ásá ar chos ar bolg a imirt ar chuid den phobal freisin.


Ach bhíodar easumhal duit agus rinne siad ceannairc i d'aghaidh; Thug siad droim leis an dlí; Mharaigh siad d'fháithe a thugadh rabhadh dóibh, Le hiad a iompú ar ais ortsa, (Agus thug siad diamhaslaí móra).


Bhí foighne agat leo ar feadh mórán blianta. Thug tú rabhadh dóibh le do spiorad trí na fáithe, Ach ní thabharfaidís aird ort. Thug tú i lámha chiníocha na gcríoch iad.


Is cosúil an duine sin le crann a plandaíodh ar bhruach na habhann, a thugann a thoradh go tráthúil agus nach bhfeonn a dhuilleoga choíche. Bíonn an rath ar gach aon ní dá ndéanann sé.


Is go díomhaoin a bhuail mé síos bhur gclann mhac; níor ghabh sibh aon cheartú; bhur gclaíomh féin, mar leon craosach, a mharaigh bhur bhfáithe.


D'ordaigh Paischiúr Irimia a bhualadh agus a chur sna ceapa ag Geata Bhiniáimin, geata uachtair Theampall an Tiarna.


Chuir mé chugaibh mo sheirbhísigh uile, na fáithe, go minic agus go himpíoch á rá: Filleadh gach aon fhear agaibh óna dhrochshlí, agus leasaigí bhur ngníomhartha agus ná himígí i ndiaidh déithe eile á n‑adhradh; fanfaidh sibh mar sin ar an talamh a thug mise daoibh féin agus do bhur n‑aithreacha. Ach ní éistfeadh sibh liom.


Ní dúirt siad ina gcroí: ‘Seo anois, bíodh eagla an Tiarna, ár nDia orainn; tugann sé fearthainn go luath, agus go déanach gach bliain go tráthúil, coimeádann dúinn seachtainí cinnte an fhómhair.’


“A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós na circe is a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh!


Chuir sé seirbhíseach eile freisin, ach tar éis dóibh é seo a bhualadh chomh maith, agus easonóir a thabhairt dó, chuir siad ar ais folamh é.


Thosaigh sé ansin ag rá an pharabail seo leis an bpobal: “Phlandaigh duine fíonghort, agus chuir ar cíos chun curadóirí é, agus chuaigh ar an gcoigrích go cionn mórán aimsire.


Ní sibhse a rinne mise a thoghadh, ach mise a rinne sibhse a thoghadh, agus a cheapadh chun go n‑imeodh sibh agus toradh a thabhairt agus go mairfeadh bhur dtoradh; i dtreo, cibé ní a d'iarrfadh sibh ar an Athair i m'ainm, go dtabharfadh sé daoibh é.


Is é an dála céanna agaibhse é, a bhráithre; fuair sibh bás mar leis an dlí trí chorp Chríost, chun go ngabhfadh sibh le fear céile eile, leis an té úd a tógadh ó mhairbh, agus gur do Dhia a thabharfaimis toradh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí