Óir is eol daoibh grása ár dTighearna Íosa Críost, gidh go raibh sé saidhbhir, gur éirigh sé bocht ar bhur son‐sa, chum go n‐éireochadh sibh saidhbhir de bharr a bhochtaine‐sean.
Lúcás 2:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus chum an íodhbairt do dhéanamh mar órduighthear i reacht an Tighearna, Cúpla féarán, nó dhá cholúr óga. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus le híobairt a ofráil de réir a ndeir dlí an Tiarna, “dhá fhéarán bhreaca, nó dhá cholm óga.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus chun go dtabharadh siad an ofráil, mar atá ráidhte i ndlighe an Tighearna, cúpla colmán, nó dhá cholmán óga. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do thabhairt ofrála, do réir mar a dearthar a reachd an Tighearna, Cúpla turtair, nó dha gheirrceach coluim. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus chun go dtabharfaidís an ofráil mar a h-órduighthear i ndlígh an Tighearna, cúpla colúr nó dhá ghearrcach colúir. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus chun go n-ofrálfaidís mar íobairt, de réir a bhfuil ráite i ndlí an Tiarna, “péire colm nó dhá ghearrcach colúir.” An Bíobla Naofa 1981 agus chun go n‑ofrálfaidís mar íobairt, de réir a bhfuil ráite i ndlí an Tiarna, “péire colm nó dhá ghearrcach colúir.” |
Óir is eol daoibh grása ár dTighearna Íosa Críost, gidh go raibh sé saidhbhir, gur éirigh sé bocht ar bhur son‐sa, chum go n‐éireochadh sibh saidhbhir de bharr a bhochtaine‐sean.