Nuair bhíos fear tréan, gléasta i n‐arm ag cosaint a chúirte féin, bíonn síothcháin ar a bhfuil aige:
Lúcás 11:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) acht nuair thig duine is treise ’ná é g‐á ionnsaighe, agus do‐bheir sé buaidh air, tógann sé uaidh a chuid arm ar a raibh a sheasamh, agus roinneann sé a chuid éadála. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) ach nuair a ionsaíonn duine is tréine ná é é agus nuair a bhuann sé air, baineann sé de an t‑arm agus an t‑éide uile ina gcuireadh sé a mhuinín, agus roinneann sé a chuid mar chreach. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht má thig fear níos treise ná é féin air, agus buaidh d’fhagháil air, tógfaidh sé leis an armáil uilig as a raibh a mhuinighin agus roinnfidh sé a chreach. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd an tráth thig duine is neartmhaire ná é, beiridh sé búaidh air, agus tóguidh sé leis a uile armaíl ann ar chuir sé a mhuinighinn, agus roinnidh sé a eadáil. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach má thagann fear is treise ’na é agus go mbuadhann sé air, tógfaidh sé leis an t-arm go léir ar a raibh a sheasamh-san, agus rainnfidh sé a chuid. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach nuair a thagann fear is treise ná é ina aghaidh agus go mbuann air, baineann de a ghléas troda as a raibh a mhuinín, agus déanann a chreach a roinnt. An Bíobla Naofa 1981 Ach nuair a thagann fear is treise ná é ina aghaidh agus go mbuann air, baineann de a ghléas troda as a raibh a mhuinín, agus déanann a chreach a roinnt. |
Nuair bhíos fear tréan, gléasta i n‐arm ag cosaint a chúirte féin, bíonn síothcháin ar a bhfuil aige:
An té nach bhfuil liom atá sé im’ aghaidh; agus an té nach bhfuil ag cruinnuí mar aon liom, atá sé ag scaipeadh.
Cuiridh umaibh arm agus éideadh Dé go h‐iomlán, chum go mbéidh ar chumas daoibh seasamh i n‐aghaidh mealltachta an diabhail.
Uime sin glacaidh chugaibh arm agus éideadh Dé go h‐iomlán, chum go bhféadfaidh sibh an fód do sheasamh san droch‐lá, agus, tar a éis daoibh gach uile nidh do dhéanamh, fanamhain ag seasamh.
g‐á tháirngneáil do’n chrois; ag cur na bhflaitheas agus na gcumhacht de, do rinne sé sompla saoghalta dhíobh, ag buadhachtain ortha d’á bárr.
an té do‐ghní peacadh, is duine de chlainn an diabhail é; óir atá an diabhal ag déanamh peacaidh ó thús. Chuige seo is eadh do foillsigheadh Mac Dé, chum go gcuirfeadh sé deireadh le h‐oibreachaibh an diabhail.
Is ó Dhia atá sibh‐se, a chlann bheag, agus atá buaidhte agaibh ortha‐san: óir is treise an té atá ionnaibh‐se ’ná an té atá san tsaoghal.