Lúcás 11:22 - An Bíobla Naofa 198122 Ach nuair a thagann fear is treise ná é ina aghaidh agus go mbuann air, baineann de a ghléas troda as a raibh a mhuinín, agus déanann a chreach a roinnt. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)22 ach nuair a ionsaíonn duine is tréine ná é é agus nuair a bhuann sé air, baineann sé de an t‑arm agus an t‑éide uile ina gcuireadh sé a mhuinín, agus roinneann sé a chuid mar chreach. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara22 Acht má thig fear níos treise ná é féin air, agus buaidh d’fhagháil air, tógfaidh sé leis an armáil uilig as a raibh a mhuinighin agus roinnfidh sé a chreach. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)22 acht nuair thig duine is treise ’ná é g‐á ionnsaighe, agus do‐bheir sé buaidh air, tógann sé uaidh a chuid arm ar a raibh a sheasamh, agus roinneann sé a chuid éadála. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)22 Achd an tráth thig duine is neartmhaire ná é, beiridh sé búaidh air, agus tóguidh sé leis a uile armaíl ann ar chuir sé a mhuinighinn, agus roinnidh sé a eadáil. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)22 Ach má thagann fear is treise ’na é agus go mbuadhann sé air, tógfaidh sé leis an t-arm go léir ar a raibh a sheasamh-san, agus rainnfidh sé a chuid. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201222 Ach nuair a thagann fear is treise ná é ina aghaidh agus go mbuann air, baineann de a ghléas troda as a raibh a mhuinín, agus déanann a chreach a roinnt. Féach an chaibidil |