Ná tógaidh libh sparán, ná mála, ná bróga: agus ná beannuighidh d’aon duine ar an mbóthar.
Lúcás 10:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus cibé teach ’n‐a rachaidh sibh isteach, abraidh ar dtús, Síothcháin ar an tigh seo. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Cibé teach ina dtéann sibh, abraigí an chéad uair, ‘An tsíocháin sa teach seo!’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Cibé teach a rachaidh sibh isteach ann, abraigidh ar dtús: Go raibh síothcháin ag an tigh seo. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus gidh bé tigh iona rachtáoi a sdeach, abruidh ar tús, Go raibh sióthcháin don tighse. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Aon tigh n-a raghaidh sibh isteach ann abraidh ar dtúis, Síothcháin ar an dtigh seo. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Cibé teach a rachaidh sibh isteach ann, abraigí ar dtús: ‘Síocháin don teach seo,’ An Bíobla Naofa 1981 Cibé teach a rachaidh sibh isteach ann, abraigí ar dtús: ‘Síocháin don teach seo,’ |
Ná tógaidh libh sparán, ná mála, ná bróga: agus ná beannuighidh d’aon duine ar an mbóthar.
Agus má atá mac síothchána ann, fanfaidh bhúr síothcháin air: acht muna bhfuil, fillfidh bhúr síothcháin oraibh féin.
Agus adubhairt Íosa leis, Atá slánú tagtha chum an tighe seo indiu, óir is mac le Abracham é seo, leis.
An briathar do chuir sé chum clainne Israel, ag fógairt deagh‐scéal síothchána tré Íosa Críost (is é Tighearna ar chách é) —
agus tháinig sé agus d’fhógair sé síothcháin daoibh‐se do bhí i gcéin, agus síothcháin dóibh‐sean do bhí i gcómhgar: