ag brostú na nIúdach agus na nGréagach chum aithrighe chum Dé, agus chum creidimh ’n‐ár dTighearna Íosa Críost.
Filéamón 1:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) toisc gur clos dom an creideamh atá agat do’n Tighearna Íosa, agus do ghrádh do na naomhaibh go léir; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) faoin iomrá a chluinim i dtaobh do ghrá agus i dtaobh do dhfl-seachta don Tiarna Íosa agus do na naoimh uile go léir, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) (Do bhrigh go gcluínim iomrádh do ghrádhasa agus an chreidim, atá agad a dtáobh an Tíghearna Iósa, agus a dtáobh na nuile náomh;) An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Mar tá iomrá dá chlos agam ar an gcreideamh agus ar an ngrá atá agat i leith an Tiarna Íosa agus an phobail naofa uile. An Bíobla Naofa 1981 Mar tá iomrá á chlos agam ar an gcreideamh agus ar an ngrá atá agat i leith an Tiarna Íosa agus an phobail naofa uile. |
ag brostú na nIúdach agus na nGréagach chum aithrighe chum Dé, agus chum creidimh ’n‐ár dTighearna Íosa Críost.
go seasmhach san urnaighe; ag cabhrú leis na naomhaibh ’n‐a riachtainisibh; ag cleachtadh na féile.
Anois i dtaobh an bhailighthe i gcómhair na naomh, déanaidh‐se do réir mar d’órduigheas d’eaglaisibh na Galátia.
Óir i nÍosa Críost ní fhuil fóghnamh ar bith i dtimcheall‐ghearradh ná i neamh‐thimcheall‐ghearradh acht oiread: acht amháin san gcreideamh oibrigheas tré ghrádh.
Ar an adhbhar sin, ar gclos dom i dtaobh an chreidimh atá agaibh san Tighearna Íosa, agus i dtaobh bhur ngrádha do na naomhaibh go léir,
ó chualamar trácht ar bhur gcreideamh i nÍosa Críost, agus ar an ngrádh atá agaibh do na naomhaibh go léir,
Acht nuair tháinig Timóteus uaibh anois díreach chugainn, agus thug sé deagh‐scéala dhúinn i dtaobh bhur gcreidimh agus i dtaobh bhur ngrádha, g‐á rádh go mbíonn sibh i gcómhnaidhe ag cuimhneamh orainn, ag tnúth le n‐ár bhfeicsin, mar táimíd féin ag tnúth leis, chómh maith:
Óir ba mhór an t‐adhbhar áthais agus sóláis dom do ghrádh‐sa a bhráthair, toisc gur tógadh croidheacha na naomh tríot.
Agus is í a aithne, creideamhain i n‐ainm a Mhic Íosa Críost, agus grádh do thabhairt d’á chéile, do réir na h‐aithne thug sé dhúinn.