Matha 9:19 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’eirigh Íosa agus do lean sé é, mar aon le n-a dheisgiobulaibh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dʼéirigh Íosa gur lean sé féin agus a dheisceabail é. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus d’éirigh Íosa, agus lean sé é le n-a dheisciobail. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’éirigh Íosa, agus do lean sé é, mar aon le n‐a dheisceablaibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar neírghe Diósa, do lean sé féin, agus a dheisgiobail é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dʼéirigh Íosa agus lean sé féin agus a dheisceabail é. An Bíobla Naofa 1981 D'éirigh Íosa agus lean é, é féin agus a dheisceabail. |
An fhaid a bhí sé ag rádh na cainte sin leó, féach tháinig priúnsa áirighthe chuige, agus do shléacht sé dhó, agus dubhairt sé: A Thighearna, do fuair m’inghean bás anois; ach tar agus cuir do lámh uirthi, agus beidh sí beó.
Agus féach, tháinig lastiar dé bean a bhí ag tabhairt a cod’ fola ar feadh dhá bhliain déag, agus chuir sí a lám ar fhabhra a bhrait.
Dubhairt Íosa leó: Isé is bia dhómh-sa go ndéanfainn toil an t-é a chuir uaidh mé, agus go gcuirfinn a ghnó chun cinn.
Íosa ó Nasaret: chonus mar do ong Dia é leis an Spioraid Naomh agus le cómhacht, agus gur ghluais sé ag déanamh tairbhthe agus ag leigheas na ndaoine a bhí fé annsmacht an diabhail, toisg Dia bheith leis.