Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 6:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Ionus go mbeadh do dhéirc fé cheilt, agus go dtabharfadh t’Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal duit.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

ionas go mbí do dhéirc faoi cheilt; agus tabharfaidh dʼAthair a fheiceann a bhfuil faoi cheilt luach do shaothair duit.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Ionnas go raibh do dhéirc i bhfolach, agus d’Athair atchí a bhfuil i bhfolach, cúiteochaidh sé leat í.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

chum go mbéidh do dhéirc fá cheilt, agus go gcúiteochaidh t’Athair, do‐chí a bhfuil fá cheilt, thú.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Do chum go mbiadh do dhéirc a bhfolach: agus do bhéaruidh Hathair do chí a bhfolac luaidheáchd dhuit ós áird.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

ach do dhéirc a bheith faoi choim. Feiceann dʼAthair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat é.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

ach do dhéirc a bheith faoi choim. Feiceann d'Athair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat.

Féach an chaibidil



Matha 6:4
19 Tagairtí Cros  

Agus an t-é a thabharfaidh le n-ól do dhuine de’n chuid is suaraíghe dhíobh san fiú cupán uisge fhuair, i n-ainim deisgiobuil, go deimhin adeirim libh, ní chaillfidh sé a luacht saothair.


I dtreó ná feicfid daoine thú bheith ag déanamh trosgaidh, ach go bhfeicfidh t’Athair thu, atá fé cheilt; agus tabharfaidh t’Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal duit.


Nuair a dhéanfair-se déirc, ámhthach, ná bíodh a fhios agat’ láimh chlé cad a dheineann do lámh dheas.


Ach nuair a dhéanfair-se úrnuighthe, eirigh isteach ad’ sheómra agus dún an dorus, agus cuir do ghuidhe chun t’Athar fé cheilt, agus tabharfaidh t’Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal duit.


Agus beidh áthas ort, mar ní bheidh ar a gcumas cúiteamh a dhéanamh leat; agus déanfar an cúiteamh leat i n-aiseirighe na bhfíoraon.


Óir ní’l rud i bhfolach ná nochtfar, ná rud fé cheilt ná h-aithneófar agus ná tiocfaidh amach go h-osgailte.