Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 6:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 chum go mbéidh do dhéirc fá cheilt, agus go gcúiteochaidh t’Athair, do‐chí a bhfuil fá cheilt, thú.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 ionas go mbí do dhéirc faoi cheilt; agus tabharfaidh dʼAthair a fheiceann a bhfuil faoi cheilt luach do shaothair duit.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Ionnas go raibh do dhéirc i bhfolach, agus d’Athair atchí a bhfuil i bhfolach, cúiteochaidh sé leat í.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Do chum go mbiadh do dhéirc a bhfolach: agus do bhéaruidh Hathair do chí a bhfolac luaidheáchd dhuit ós áird.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Ionus go mbeadh do dhéirc fé cheilt, agus go dtabharfadh t’Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal duit.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 ach do dhéirc a bheith faoi choim. Feiceann dʼAthair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 ach do dhéirc a bheith faoi choim. Feiceann d'Athair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 6:4
19 Tagairtí Cros  

Agus cibé duine bhéarfas fiú cupáin fíor‐uisce d’aoinneach de na daoinibh beaga so, i n‐ainm deisceabail, adeirim libh go fírinneach nach gcaillfidh sé a luaigheacht.


agus nigh t’aghaidh; i dtreo nach bhfeicfidh na daoine go bhfuilir id’ throscadh, acht go bhfeicfidh t’Athair, atá fá cheilt, thú: agus t’Athair do‐chí a bhfuil fá cheilt, cúiteochaidh seisean leat.


Acht nuair do‐bheir tusa déirc uait, ná bíodh a fhios ag do láimh chlé créad do‐ghní do lámh dheas:


Acht nuair bhíos tusa ag déanamh urnaighe, téir isteach id’ sheomra, agus dún an doras, agus cuir do ghuidhe chum t’Athar do‐fheicsiona, agus t’Athair do‐chí a bhfhuil fá cheilt, cúiteochaidh sé leat.


agus béidh beannacht ort; de bhrigh nach bhfuil ar chumas dóibh cúiteamh do dhéanamh leat: óir cúiteochar leat i n‐aiséirghe na bhfíréan.


Óir ní curtar aon nidh i bhfolach nach nochtfar; ná nidh fá cheilt, nach n‐aithneochar agus nach dtiocfaidh chum solais.


D’á bhrigh sin ná tabhraidh breitheamhnas i gcúis ar bith roimh an am, nó go dtagidh an Tighearna bhéarfas chum an tsolais neithe atá foluighthe fá dhorchadas, agus nochtfas rúin na gcroidhthe; annsin gheobhas gach duine a mholadh féin ó Dhia.


Agus ní fhuil éinnidh d’ár cruthuigheadh nach bhfuil soiléir os cómhair a shúl; acht atá an uile nidh nochta, lán‐fhoscailte roimh shúilibh an té go bhfuil cunntas againn le déanamh leis.


Anois, do’n té go bhfuil ar chumas dó bhur gcongbháil slán ó thuisleadh, agus bhur gcur i láthair a ghlóire gan smál,


Agus imreochad bás ar a clainn; agus tuigfidh na h‐eaglaisí gur mise an té scrúduigheas na dubháin agus na croidheacha: agus do‐bhéarfad do gach duine agaibh do réir bhur ngníomhartha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí