Agus sin mar a dhéanfaidh m’Athair-se atá ins na flathais libh-se é mura maithfidh gach duine agaibh d’á bhráthair, ó chroidhe.
Matha 6:15 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach mura maithfidh sibh-se a bpeacaí do dhaoine, ní mhaithfidh bhúr n-Athair daoibh-se bhúr bpeacaí. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) ach mura maitheann sibh a gcionta do na daoine, ní mhaithfidh bhur nAthair neamhaí bhur gcionta daoibh ach oiread. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht muna maithidh sibh-se do dhaoine, ní mhaithfidh bhur n-Athair bhur bpeacaidhe díbh-se. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) acht muna maithfidh sibh do dhaoinibh a gcionnta, ní mhaithfidh bhúr n‐Athair bhúr gcionnta dhaoibh‐se. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd muna maithtisi a gcionta do na dáoinibh, ni mhaithfidh bhur Nathair féin dáoibhsi bhur gcionta. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach mura maitheann sibh-se do chách, ní mó a mhaithfidh bhur nAthair bhur gcionta daoibh-se. An Bíobla Naofa 1981 Ach mura maitheann sibhse do chách, ní mó a mhaithfidh bhur nAthair bhur gcionta daoibhse. |
Agus sin mar a dhéanfaidh m’Athair-se atá ins na flathais libh-se é mura maithfidh gach duine agaibh d’á bhráthair, ó chroidhe.
Óir má mhaitheann sibh do dhaoine a gcionta, maithfidh bhúr n-Athair neamhdha dhaoibh-se bhúr bpeacaí.
Agus mura maithfidh sibh-se, ní lúgha ’ná mar a mhaithfidh bhúr n-Athair atá ins na flathais bhúr bpeacaí dhaoibh-se.