Agus an t-é a thuitfidh ar an gcloich sin, brisfar é; ach an t-é go dtuitfidh sí air, meilfidh sí é.
Matha 27:25 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’fhreagair na daoine go léir: A chuid fola orainne agus ar ár sliocht. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dʼfhreagair an pobal uile dʼaon ghuth, “Bíodh a fhuilsean orainne agus ar ár gclann inár ndiaidh!” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus d’fhreagair na daoine go h-uile, agus dubhairt: Bíodh a chuid fola orainne agus ar ár gcloinn. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’fhreagair na daoine go léir, Orainn féin agus ar ár gclainn a chuid fola! An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar bhfreagra don phobal uile, a dubhradar, Biodh a fhuil oruinne, agus air ar gcloinn. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dʼfhreagair an pobal ar fad: “Go raibh a chuid fola orainn féin agus ar ár gclann!” An Bíobla Naofa 1981 D'fhreagair an pobal ar fad: “Go raibh a chuid fola orainn féin agus ar ár gclann!” |
Agus an t-é a thuitfidh ar an gcloich sin, brisfar é; ach an t-é go dtuitfidh sí air, meilfidh sí é.
Ach bhí na Iúdaígh ’gha bhréagnú go masluightheach. Ansan do chroth sé a chuid éadaigh agus dubhairt sé: Bíod bhúr gcuid fola ar bhúr gceann féin. Táimse glan.
D’órduighmair daoibh le h-órdú daingean gan teagasg a dhéanamh sa n-ainim sin agus féach tá Ierúsalem líonta agaibh le nbhúr dteagasg, agus ní foláir libh fuil an duine sin do tharac anuas orainne.
Cia’cu de sna fáidhibh nár dhein bhúr n-aithreacha géarleanmhaint air? Agus chuireadar chun báis na daoine a thargair dóibh teacht an Fhíon-Aoin seo a dheineabhair-se féin anois do bhrath agus do chur chun báis.