Matha 27:23 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Dubhradar go léir: Céasdar é. Dubhairt an riaghaltóir leó: Ach cad é an t-olc atá déanta aige? Ach do liúghadar níb’ aoirde: Céasdar é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus ar seisean, “Cad chuige? Cad é an drochní a rinne sé?” Ach ba mhóide a scairt siad, “Céastar é.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Deir siad uilig: Céastar é. Dubhairt an t-uachtarán leo: Cad é an t-olc atá déanta aige? Acht ba mhó go mór a scairt siad amach, ag rádh: Céastar é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Adubhairt seisean, Acht cad é an t‐olc atá déanta aige? Acht do liúghadar go h‐árd‐ghlórach, g‐á rádh, Céastar é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agusa dubhait an túachdarán, Créd é, an tolc do rinne se? Achd is móide do éighmheadarsan, ag rádh, Crochthar é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt seisean: “Ach cén t-olc a rinne sé?” Ach is ea ba mhó a bhí siad ag screadach: “Céastar é!” An Bíobla Naofa 1981 Dúirt seisean: “Ach cén t‑olc a rinne sé?” Ach is ea ba mhó a bhí siad ag screadadh: “Céastar é!” |
Nuair a chonaic Pílát ná raibh ag eirighe leis, ach gur toirmeasg a bhí ag teacht, fuair sé uisge, agus do nigh sé a lámha os cómhair na ndaoine, agus dubhairt sé: Táim-se saor ar fhuil an fhíoraoin seo; oraibh-se bíodh.
Agus dubhairt Pílát le h-uachtaráin na sagart agus leis an sluagh: Ní bhfaighim aon choir sa duine seo.
Agus bíodh ná fuaradar aon choir ann d’iarradar ar Phílát go leogfí dhóibh é chur chun báis.
Ansan nuair a bhí an sgéal ’n-a bhruidhin chaorthainn eatartha bhi eagal ar an dtrbiún go stracfaidís as a chéile Pól, agus d’órduigh sé do sna saighdiúirí dul síos agus é thógaint uatha agur é thabhairt isteach sa longphort.
Agus do chomáineadar amach as an gcathair é agus ghabhdar do sna clochaibh ann, agus chuir na fínnithe a mbraith ag cosaibh fir óig ar a dtugtí Saul.