Chuaidh sé i leith taoibh airís ag guidhe, agus dubhairt: A Athair, mura féidir an chailís seo do dhul tharm gan me ’ghá h-ól, do thoil-se go ndeintear.
Matha 26:43 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus thainig sé airís agus fuair sé ’n-a gcodladh iad; óir do bhí mairbhitíghe ar a súilibh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus tháinig sé arís go bhfuair ina gcodladh iad, mar ba mharbh a súile leis an gcodladh. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus tig sé arís, agus gheibh sé ina gcodladh iad: óir bhí a súla trom. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus tháinig sé arís agus fuair sé ’n‐a gcodladh iad, mar do bhí a súile an‐trom. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar dteachd dhó fúair sé a ris na gcodladh íad: oír do bhádar a súile tróm. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tháinig sé arís agus fuair ina gcodladh iad, mar bhí a súile trom. An Bíobla Naofa 1981 Tháinig sé arís agus fuair ina gcodladh iad, mar bhí a súile trom. |
Chuaidh sé i leith taoibh airís ag guidhe, agus dubhairt: A Athair, mura féidir an chailís seo do dhul tharm gan me ’ghá h-ól, do thoil-se go ndeintear.
Agus d’fhág sé iad, agus d’imthigh sé airís, agus dhein sé guidhe an trímhadh h-uair, ag rádh na cainte céadna.
Agus tháinig mairbhitíghe codlata ar Pheadar agus ar an muintir a bhí i n’fhochair. Agus do mhúsgladar, agus do chonacadar a ghradam, agus an bheirt a bhí ’n-a seasamh ’n-a theannta.
Agus bhí bhuachaill dár bh’ ainim Eútuchur ’n-a shuidhe ar an bhfinneóig, agus thuit sé ’n-a chodla go sámh an fhaid a bhí Pól ag cainnt. Le truime a chodlata do thuit sé síos ó’n dtrímhadh lochta agus do tógadh suas marbh é.