Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 23:18 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus: Pé duine dhearbhóchaidh dar an altóir, is neamhnídh é; ach pé duine a dhearbhóchaidh dar an dtabharthas atá ar an altóir, tá an ceangal air.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus is é a deir sibh, ‘Má thugann duine móid ar an altóir, níl aon ní ráite aige; ach má thugann aon duine móid ar an tabhartas atá ar an altóir, tá sé faoi cheangal a mhóide’.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus: má mhionnuigheann aoinneach dar an altóir, ní dadamh é; acht an té a mhionnóchas dar an tabhartas atá uirthí, tá ceangal air.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus, Cibé dhearbhóchas dar an altóir, ní h‐éinnidh é; acht cibé dhearbhóchas dar an íodhbhairt atá uirthi, atá ceangal air.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus, Gidh bé duine bhéaras a naltór mar mhionna, ni bhfuil éfeachd ann; achd gidh bé duine bhéaras an tiodhlacadh atá uirrthe mar mhionna, do ní sé coir.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Deir sibh fós: ‘Cibé a mhionnaíonn dar an altóir, is cuma é sin; ach cibé a mhionnaíonn dar an ofráil atá anuas ar an altóir, bíonn ceangal air.’

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Deir sibh fós: ‘Cibé a mhionnaíonn dar an altóir, is cuma é sin; ach cibé a mhionnaíonn dar an ofráil atá anuas ar an altóir, bíonn ceangal air.’

Féach an chaibidil



Matha 23:18
7 Tagairtí Cros  

Is mairg daoibh-se, a ghiollaí dalla adeir: Pé duine a dhearbhóchaidh dar an teampal, is neamhnidh é; ach an t-é dhearbhóchaidh dar ór an teampail tá an ceangal air.


A dhaoine dalla gan chiall: cé’cu is mó le rádh, an t-ór, nó an teampal a bheannuigheann an t-ór?


A dhaoine dalla: Cé’cu is mó, an tabharthas nó an altóir a chuireann an bheannuightheacht ar an dtabharthas?


Ach dar libh-se: Má deir duine le n-a athair nó le n-a mháthair: Gach corban, (’sé sin, gach tabharthas) d’á dtugaim-se uaim, bíodh a thairbhe agat-sa;