Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 23:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 Deir sibh fós: ‘Cibé a mhionnaíonn dar an altóir, is cuma é sin; ach cibé a mhionnaíonn dar an ofráil atá anuas ar an altóir, bíonn ceangal air.’

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

18 Agus is é a deir sibh, ‘Má thugann duine móid ar an altóir, níl aon ní ráite aige; ach má thugann aon duine móid ar an tabhartas atá ar an altóir, tá sé faoi cheangal a mhóide’.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

18 Agus: má mhionnuigheann aoinneach dar an altóir, ní dadamh é; acht an té a mhionnóchas dar an tabhartas atá uirthí, tá ceangal air.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Agus, Cibé dhearbhóchas dar an altóir, ní h‐éinnidh é; acht cibé dhearbhóchas dar an íodhbhairt atá uirthi, atá ceangal air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Agus, Gidh bé duine bhéaras a naltór mar mhionna, ni bhfuil éfeachd ann; achd gidh bé duine bhéaras an tiodhlacadh atá uirrthe mar mhionna, do ní sé coir.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Agus: Pé duine dhearbhóchaidh dar an altóir, is neamhnídh é; ach pé duine a dhearbhóchaidh dar an dtabharthas atá ar an altóir, tá an ceangal air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

18 Deir sibh fós: ‘Cibé a mhionnaíonn dar an altóir, is cuma é sin; ach cibé a mhionnaíonn dar an ofráil atá anuas ar an altóir, bíonn ceangal air.’

Féach an chaibidil Cóip




Matha 23:18
7 Tagairtí Cros  

“Má pheacaíonn duine in aghaidh a chomharsan agus go [nglaonn] an chomharsa mallacht sa mhullach air, agus go gcuireann sé iallach air mionn a thabhairt os comhair d'altóra sa Teampall seo,


Nuair a thugann duine móid, nó nuair a thugann sé geall faoi bhrí na mionn, ná briseadh sé a fhocal; cibé rud a gheall sé le focal béil, comhlíonadh sé é.


“Is mairg daoibh, a ghiollaí dalla a deir: ‘Cibé a mhionnaíonn dar an sanctóir, is cuma é sin; ach cibé a mhionnaíonn dar ór an tsanctóra, bíonn ceangal air.’


A dhaoine atá dall gan tuiscint, cé acu is mó le rá, mar sin, an t‑ór féin nó an sanctóir faoi deara an t‑ór a bheith naofa?


A dhaoine dalla, cé acu ís mo le rá, mar sin, an ofráil, nó an altóir faoi deara an ofráil a bheith naofa?


Ach is é a deir sibhse: Má deir duine lena athair nó lena mháthair: ‘Ní ar bith de mo chuidse a d'fhéadfadh dul chun sochair duitse, is Corbán, is é sin, is tabhartas don Tiarna é’,


Dearbhaím arís don uile dhuine a ndéantar timpeallghearradh air, go bhfuil sé de dhualgas air an dlí a choimeád ina iomláine.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí