Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 18:5 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus an t-é a ghlacann aon leanbh beag amháin de’n tsórd san am’ ainim-se, glacann sé mise.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

“An té a ghlacas le haon leanbh mar seo i mʼainmse is liom a ghlacann sé;

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus cibé a ghlacfas aon leanbh mar seo i m’ainm-se, glacann sé mise.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus cibé duine ghlacfas chuige aon leanbh beag amháin d’á leithéid seo im’ ainm‐se,

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus gidh bé neach gheabhus chuige énleanbán da leithid so am ainmsi gabhuidh sé misi chuige.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus cibé duine a ghlacfaidh a leithéid seo de leanbh ar son mʼainm, glacann sé mise.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Agus cibé duine a ghlacfaidh a leithéid seo de leanbh ar son m'ainm, glacann sé mise.

Féach an chaibidil



Matha 18:5
12 Tagairtí Cros  

An t-é d’á bhrígh sin, d’ísleóchaidh é féin ar nós an leinbh bhig sin, siné is mó i rígheacht na bhflathas.


Ach an t-é thabharfaidh sgannal do dhuine de’n mhuintir bheag so a chreideann ionam-sa, b’fhearra dhó go gcurfaí bró muilinn ar a mhuineál agus é chaitheamh isteach i ndoimhneacht na faraige.


Agus déarfaidh an Rí ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid a dheineabhair é do dhuine de’n chuid is suaraíghe de m’bráithribh anso, do dheineabhair dómh-sa é.


Ansan déarfaidh sé ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid nár dheineabhair d’aoinne de’n mhuintir suarach so é ’níor dheineabhair dómh-sa é.


Óir gach aoinne a iarrann tugtar dó; agus gach aoinne a loirgeann gheibheann sé, agus gach aoinne a bhuaileann osgal-tar dó.


Agus d’fhreagair Eóin é, agus dubhairt: A Mháighistir, chonacamair duine ag cur deamhan amach ad’ ainim-se, ach ní ghabhann an duine sin linne, agus do choisgeamair é.


Agus aoinne thabharfaidh droch-shampla do dhuine de’n mhuintir bheag so a chreideann ionam-sa, b’fhearra dhó dá gcurtí bró mhuilinn ar a mhuineál agus é chaitheamh sa bhfaraige.


Agus dubhairt sé leó-san: An t-é a ghlacfaidh an leanbh san am’ ainim-se glacann sé mise; agus an t-é a ghlacfaidh mise glacann sé an t-é do chuir uaidh mé; óir an t-é is lúgha agaibh go léir isé is mó.


Go deimhin, deimhin, adeirim libh: An t-é a ghlacann aoinne a chuirfead uaim, glacann sé mise; agus an t-é a ghlacann mise, glacann sé an t-é a chuir uaidh mé.