An uair sin tháinig na deisgiobuil chun Íosa agus dubhradar: Cé h-é, dar leat, an duine is mó i rígheacht na bhflathas?
Matha 18:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) An t-é d’á bhrígh sin, d’ísleóchaidh é féin ar nós an leinbh bhig sin, siné is mó i rígheacht na bhflathas. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) An té a íslíos é féin mar an leanbh seo, is é is mó céim i ríocht neimhe. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Dá bhrígh sin, cibé a ísleochas é féin ar nós an leinbh seo, is é is mó i ríoghacht na bhflaitheas. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) D’á bhrigh sin, an té ísleochas é féin ar nós an leinbh bhig seo, is é sin an duine is mó i ríoghacht na bhflaitheas. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ar a nadhbharsin giodh bé ísléochus é féin mar an leanbanso, a sé sin is mó á rioghachd neimhe. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Mar sin, duine ar bith a dhéanfaidh é féin uiríseal ar nós an linbh seo, beidh sé sin ar an té is mo i Ríocht na bhflaitheas. An Bíobla Naofa 1981 Mar sin, duine ar bith a dhéanfaidh é féin uiríseal ar nós an linbh seo, beidh sé sin ar an té is mo i ríocht na bhflaitheas. |
An uair sin tháinig na deisgiobuil chun Íosa agus dubhradar: Cé h-é, dar leat, an duine is mó i rígheacht na bhflathas?
Agus dubhairt sé: Go deimhin adeirim libh, mura n-iompuighidh sibh agus bheith ar nós na leanbh, ní raghaidh sibh isteach i rígheacht na bhflathas.
Agus an t-é a ghlacann aon leanbh beag amháin de’n tsórd san am’ ainim-se, glacann sé mise.
Ní mar sin, ámhthach, daoibh-se, ach an t-é gur mian leis bheith os bhur gcionn. beidh sé ’n-a sheirbhíseach agaibh;
Agus do shuidh sé, agus ghlaoidh sé chuige an dáréag, agus dubhairt sé leó: Má’s mian le h-aoinne bheith i n’fhear thosaigh, isé ar deire ar fad, agus ’n-a sheirbhíseach ag cách.
Óir gach aoinne a dh’árdóchaidh é féin, ísleófar é; agus an t-é a dh’ísleóchaidh é féin, árdófar é.
Agus dubhairt sé leó-san: An t-é a ghlacfaidh an leanbh san am’ ainim-se glacann sé mise; agus an t-é a ghlacfaidh mise glacann sé an t-é do chuir uaidh mé; óir an t-é is lúgha agaibh go léir isé is mó.