Lúcás 14:11 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)11 Óir gach aoinne a dh’árdóchaidh é féin, ísleófar é; agus an t-é a dh’ísleóchaidh é féin, árdófar é. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)11 Mar ísleofar an té a ardaíos é féin, agus ardófar an té a íslíos é féin.” Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara11 Óir gach duine a árduigheas é féin, ísleochar é: agus an té a ísligheas é féin, árdóchar é. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)11 Óir an té árduigheas é féin, ísleochar é; agus an té ísligheas é féin, árdóchar é. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)11 Oír gidh bé árduigheas é féin ísleóchthar é; agus gidh bé ísligheas é féin, áirdeóchthar é. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201211 Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin, ardófar é.” Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 198111 Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin, ardófar é.” Féach an chaibidil |
Agus dubhairt sé leis an t-é a thug an cuireadh dhó féin: Nuair a dhéanfair dínnéar nó suipéar ná glaoidh ar do cháirdibh, ná ar do bhráithre, ná ar do ghaolta, ná ar do chómharsanaibh saidhbhre, le h-eagla dtabharfaidís sin cuireadh thar a cheann duit-se, agus go dtabharfaí do chuid thar n-air duit.