Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 18:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Mar sin, duine ar bith a dhéanfaidh é féin uiríseal ar nós an linbh seo, beidh sé sin ar an té is mo i ríocht na bhflaitheas.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 An té a íslíos é féin mar an leanbh seo, is é is mó céim i ríocht neimhe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Dá bhrígh sin, cibé a ísleochas é féin ar nós an leinbh seo, is é is mó i ríoghacht na bhflaitheas.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 D’á bhrigh sin, an té ísleochas é féin ar nós an leinbh bhig seo, is é sin an duine is mó i ríoghacht na bhflaitheas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Ar a nadhbharsin giodh bé ísléochus é féin mar an leanbanso, a sé sin is mó á rioghachd neimhe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 An t-é d’á bhrígh sin, d’ísleóchaidh é féin ar nós an leinbh bhig sin, siné is mó i rígheacht na bhflathas.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Mar sin, duine ar bith a dhéanfaidh é féin uiríseal ar nós an linbh seo, beidh sé sin ar an té is mo i Ríocht na bhflaitheas.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 18:4
13 Tagairtí Cros  

Óir is mar seo a deir an Té is airde, a bhfuil a chónaí sa tsíoraíocht agus a bhfuil a ainm naofa: “Tá cónaí orm in áras atá ard agus naofa, agus fós i bhfochair an té atá brúite uiríseal ó spiorad, chun misneach a mhúscailt arís i spiorad na n‑uirísle, chun misneach a chur ar ais sna croíthe brúite.


Tháinig na deisceabail san am sin ag triall ar Íosa chun a rá: “Cé hé mar sin an té is mó i ríocht na bhflaitheas?”


agus dúirt: “Deirim libh go fírinneach, mura gcasa sibh arís chun bheith ar nós na leanaí, ní rachaidh sibh isteach i ríocht na bhflaitheas choíche.


Agus cibé duine a ghlacfaidh a leithéid seo de leanbh ar son m'ainm, glacann sé mise.


Ach ní mar sin atá an scéal eadraibhse, ach an duine ar mian leis a bheith ina uasal eadraibh, beidh sé ina sheirbhíseach daoibh,


Ach ní raibh focal astu, óir bhí siad ag díospóireacht le chéile, ar an tslí, féachaint cé acu ba mhó.


Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin, ardófar é.”


agus dúirt leo: “Cibé a ghlacfaidh an leanbh seo i m'ainm, is mise a ghlacann sé, agus cibé a ghlacfaidh mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé. Óir, an té is lú eadraibh uile, sin é an té atá mór.”


Déanaigí sibh féin a ísliú os comhair an Tiarna agus ardóidh sé sibh.


Mar an gcéanna libhse is óige ná sin, bígí umhal do na seanóirí. Cuirigí umaibh, gach duine agaibh, an umhlaíocht i leith a chéile, mar “cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na humhlaíochta.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí