Matha 17:13 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan do thuig na deisgiobuil gur ar Eóin Baiste a bhí sé ag trácht leó. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ba ansin a thuig na deisceabail gur ag caint ar Eoin Baiste a bhí sé. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Annsin thuig na deisciobail gur ar Eoin Baiste a labhair sé leo. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Annsin do thuig na deisceabail gur i dtaobh Eoin Bhaiste do bhí sé ag labhairt leo. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do thuigeadar na deisciobuil ann sin gur ab a dtimcheall Eóin Baisde do labhair sé riú. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Thuig na deisceabail ansin gur chun Eoin Baiste a bhí sé ina chomhrá leo. An Bíobla Naofa 1981 Thuig na deisceabail ansin gur chun Eoin Baiste a bhí sé ina chomhrá leo. |
Ach deirim-se libh go dtáinig Elias cheana, agus níor aithnigheadar é, ach d’imireadar a dtoil air. Agus sin mar atá le fulang ag Mac an Duine uatha.
Agus nuair a thánadar go dtí an sluagh, do tháinig chuige duine agus chaith sé é féin ar a ghlúinibh ’n-a láthair: A Thighearna, ar seisean, dein trócaire ar mo mhac; mar tá sé ’n-a gheilt, agus tá mórán pionóis air; agus tuiteann sé sa teine go minic, agus sa n-uisge go minic.
Ins na laethanta san, ámhthach, do tháinig Eóin Baiste ag seanmóin i bhfásach Iúdéa,